The Mudcat Café TM
Thread #164571   Message #3939947
Posted By: GUEST,Tomás MacCormaic
27-Jul-18 - 06:07 PM
Thread Name: Lyr Add: Na Fíníní Tréana
Subject: Lyr Add: Na Fíníní Tréana
Na Fíníní Tréana
(Fonn: “Fir an Iarthair”)

Is iomdha amhrán maith I mBéarla
‘Na moltar ár laochra thar bárr:
Is iomdha scéal canta do léightear
Thar gaisge ár dtréan-fhear san ár.
Ach canfad dídh feasta, a Ghaedheala,
I dteangan na hÉireann mo dhán,
Ag moladh na Fíníní tréana,
Do bhain geit as na méith-phuic ‘na lá.

Mo ghrád iad na Fíníní Tréana,
Mo ghrád iad do dtéidhead-sa fé’n mbán;
Ó leanaimís Lorg na Laochra
A mhuinntir na hÉireann, gan scáth.

Is Tréith lag bhí muinntir na hÉireann
Fé dhaor-smacht as dlighthe ba cham
Nuair bheartaigh na Fíníní tréin-bheart
Do dhéanamh ag treascairt na nGall;
A’s is iomdha glean seasgair sa tír seo
As leaca, as ínse ghlas réidh
Na mbailighdír riúd ann ist oidhche,
Chun cath-cleasa chleachta mar chéird.

Go mairidh go bráth again eolas
Ar na ballaidh ‘na chnósuigheadh na Gaedhil,
San am úd ag foghluim a ngnótha,
Conus namhaid do threascairt le faobhar.
Mar má’s laugh é an smacht tá ar Ghaedhealaidh
Le ‘nás linn, seach a’s bhí ortha tráth,
Do na daoine bhí ullamh chun faobhar-chath
Tugtar an buidheachas go bráth.

Molaim go h-Árd na Fíníní
Do dhúisigh ár ndaoine ba thláth,
A’s do mhúin dóibh gur laochra a sinnsear
Ná luighfeadh fé chosaibh aon námhaidh.
A’s deirim gur suarach an Gaedheal é
Ná canfadh liom bhéarsa ó chroidhe,
Ag moladh na bhFíníní shaothruigh
Le duthracht, moch déidheanach, dár dtír.

A’s má theip ar na Fíníní Éire
Ó Ghalla-smacht shaoradh ‘na ló,
Do theip agus teipfidh, a Ghaedheala,
Ar na Gallaibh sinn chlaonadh go deo.
Agus maireann a’s mairfidh go bráth ann,
Tré congnamh an Áird-Mhic, fir groidhe,
Chun a dtíre do chosaint go dána
Ar an námaid pé áird as a dtighean.