The Mudcat Café TM
Thread #165737   Message #3979519
Posted By: GUEST,Séamus
28-Feb-19 - 05:22 AM
Thread Name: Lyr Req: Gleann beag lach an cheoil.
Subject: RE: Lyr Req: Gleann beag lach an cheoil.
This is my corrected text, I'm not claiming it is definitive, in the absence of the original.
The last four lines I had copied from somewhere & have re-inserted here.
That quote was the inspiration for this search.
Incidently, uachtar Éireann in the first line refers th the South of Ireland,
contrary to our map-based concept of the place!
Séamus

Gleann Beag Lách an Cheoil.

(An Blas Muimhneach II)

Is thuas in uachtar Éireann áigh,
Tá an baile is áille cló,
Mar a dtaithníonn ré is réalta 'gnáth,
Is an ghrian go sámh 'om dhóigh;
Mar a mbíonn an féar 'na slaoda ag fás,
O Shamhain go lár an Fhomhair,
Nil baile in Éirinn fein chomh breá,
Le Gleann Beag Lách an Cheoil.

Ní annamh mé liom féin á rá,
Nuair a bhím go tnáth ó ghnó;
Gur greanta neat' i sceimh na mban,
Bhi ann ar fail is me óg;
Bhíodh tuile thréan ins gach aon tsruthán,
Go ladhar an dá Abhainn Mhóir,
Gan droichead cabhas ná fiú an chlochán,
I nGIeann Beag Lách an Cheoil.

Bá dhúinne féin bá chéasta cás,
Ón scoil ag tracht um nóin,
An tsrúil ó thaobh go taobh bheith lán,
'S an saol fé bhaistigh sheoidh:
Ach ba lúfar éasca ár séirse ar bhán,
Gan fallaing scáil ná bróig,
Is preabadh anall thar abhainn gan scáth,
'Dtí Gleann Beag Lach an Cheoil.

Ag aoireacht gamhan sa tSamhradh sámh,
Cois abhann ar bhánta feoir,
Dob' aoibhinn liom, is leabhar im' laimh,
'S mé ag scrudú dánta 's 'eoil;
Bheadh seanchaocht san oíche ar fáil
Is comharsain áille fós,
Is ceol is rince is fíor-amhrain
I nGIeann Beag Lách an Cheoil.

Go mairid siad fé chlú san áit,
Go Gaelach grámhar cóir;
Is a bhaile is dúchas dúinn thar cách,
Go rabhair gan cháim go deo;
Ár dteanga féin fé réim go brách,
Is saoirs' ag Clár Loirc Óigh';
'Gus guím Mac Dé go bhfaighe mé bás
I nGleann beag lách an cheoil.

—Torna.