The Mudcat Café TM
Thread #59418   Message #3989781
Posted By: Rapparee
28-Apr-19 - 08:49 PM
Thread Name: BS: The Mother of all BS threads
Subject: RE: BS: The Mother of all BS threads
There is much to say, but I shan't say it.

Ba easnamh crua thú i dTuamhumhain is i dTír Luirc;
Sé túis mo cháis is fáth mo chaointe
Cúis do chráigh mé is d’fhág me claoite        
Bhain dem threoir mé is sheol gan chiall mé,
Is chaith mar cheo mé dóite i bpianta,—        
Na sluaite imíonn gan chríoch gan chaomhnú
Ar fud an tsaoil seo d’fhíorscoth béithe,
Ina gcailleacha dubha gan cumhdach céile
Caite gan clú gan cionnta claoin-bheart.
Is aithnid dom féin sa mhéad seo shiúlas
Bean agus céad nár mhian leo a dhiúltadh
Is mise in a measc mo chreach mar táimse
D’imigh im spaid gan fear gan pháiste.
Mo dhochar mo dhó mo bhrón mar bhím
Gan sochar gan só gan seod gan síth,
Go doilbhir duaiseach duamhar díothach
Gan codladh gan suan gan suairceas oíche,
Ach maslaithe i mbuairt gan suaimhneas sínte
Ar leaba leamh-fhuar dár suathadh ag smaointe.