The Mudcat Café TM
Thread #80219   Message #4036782
Posted By: Felipa
29-Feb-20 - 03:58 PM
Thread Name: Lyr Req: An Bhfaca Tu mo Sheamaisin (Did You See
Subject: Lyric Added: An Bhfaca Tu mo Sheamaisin
An bhfaca tú mo Shéamuisín?
Mo stóirín óg, mo bhuachaillín.
An bhfaca tú mo Shéamuisín?
Is é ’gabháil síos an bóthar.

Níl bróg ar bith ar a dhá choisín.
Ar a dhá choisín, ar a dhá choisín.
Níl bróg ar bith ar a dhá choisín.
Níl caipín air ná clóca.

Ag dul ar scoil tá Séamuisín
Mo stóirín óg, mo bhuachaillín
Ag dul ar scoil tá Séamuisín
‘S a leabharín buí sa phóca.

Ar a dhroim tá máilín beag
Tá máilín beag, tá máilín beag
Ar a dhroim tá máilín beag
'S a lóinsín ann is dócha.

Do rugadh é i Móin a’ Lín
Ag bun an chnoic i nead éinín
Do rugadh é i Móin a’ Lín
In aice le Bun Dóite.

Ó grá mo chroí mo Shéamuisín
Mo stóirín óg, mo bhuachaillín.
Ó grá mo chroí mo Shéamuisín
Ar maidin is tráthnóna.

translation
Have you seen my Séamuisín?
My young dearest, my little boy
Have you seen my Séamuisín?
As he was going down the road.

He has no shoes on his two little feet
On his two little feet, on his two little feet
He has no shoes on his two little feet
He wears no cap or cloak

Going to school is Séamuisín
My young dearest, my little boy
Going to school is Séamuisín
With his little yellow book in his pocket

On his back is a small little bag
A small little bag, a small little bag
On his back is a small little bag
And his little lunch inside it probably

He was born in Móin a’ Lín
At the bottom of a hill in a little bird’s nest
He was born in Móin a’ Lín
Beside Bun Dóite

Oh Séamuisín is my dearest love
My young dearest, my little boy
Oh Séamuisín is my dearest love
In the morning and the evening