The Mudcat Café TM
Thread #115269   Message #4061784
Posted By: Felipa
27-Jun-20 - 07:28 PM
Thread Name: Lyr Req: An Lacha Bacach
Subject: RE: Lyr Add: An Lacha Bacach
also from youtube video , a bit neater

AN LACHA BACACH
A chréatúirín leóinte is brón liom do dhreach,
Im’ choinnibh sa phóirse is tú breoite tinn salach,
Do sciatháin ba ró-dheas ag sileadh sa lóib leat ,
`S do lapa beag gleoite dár ndóigh na dhá leath.

Dideli de dom dó de dee am de dom dom,
Dideli de dom dó de dee am de dom dom,
Do sciatháin ba ró-dheas ag sileadh sa lóib leat,
`S do lapa beag gleoite dár ndóigh 'na dhá leath.

An t-asal is dócha a thug tú le speach.
Is greadadh go deo air ba mhór é a theaspach ,
Cuirfead bata fuinseoige ag rince sa tóin air ,
Is ceangal naoi ló air cois teorainn na staic.

Dideli de dom dó de dee am de dom dom
Dideli de dom dó de dee am de dom dom
Cuirfead bata fuinseoige ag rince sa tóin air,
Is ceangal naoi ló air cois teorainn na staic.

Tar liomsa im’ dhóid chun go dtomhaisfead do chneá,
Is ná bí chomh glórach ní ceol do bhac bhac ,
Idir bhriseadh `gus leonadh tá ainnise mhór ort ,
Is is céasadh san domhsa mo lacha bhacach.

Dideli de dom dó de dee am de dom dom,
Dideli de dom dó de dee am de dom dom,
Idir bhriseadh `gus leonadh tá ainnise mhór ort ,
Is is céasadh san domhsa mo lacha bhacach.

Cad a dhéanfad amáireach is cás liom é a mheas,
Gan an t-ubh gorm bhreá mar ba ghnáth chun bricfeast ,
Is easnamh dom shláinte an bascadh-sa tá ort ,
Ach foighne ‘sé is fearr air, mo lacha bhacach.

Dideli de dom dó de dee am de dom dom
Dideli de dom dó de dee am de dom dom
Is easnamh dom shláinte an bascadh-sa tá ort,
Ach foighne ‘sé is fearr air mo lacha bhacach.

Stopadh lochán duit go snámhfir amach ,
‘Sé an t’iochluibh is fearr é do lacha bacach ,
Beirse i gcionn spáis bhig a’crothadh sciatháin ann ,
Is roimh tosach an Mhárta ag ardú bhac bhac.

Dideli de dom dó de dee am de dom dom
Dideli de dom dó de dee am de dom dom
Beirse i gcionn spáis bhig a’crothadh sciatháin ann ,
Is roimh tosach an Mhárta ag ardú bhac bhac.