The Mudcat Café TM
Thread #14833 Message #4061915
Posted By: Felipa
28-Jun-20 - 03:56 PM
Thread Name: Origins: Fill, Fill, a Run O
Subject: RE: Origins: Fill, Fill, a Run O
Meataí [Matty] Joe Shéamus sings a long version of Fill a rúin aka An Sagart Ó Domhnaill which he learned from a neighbour in Conamara, Maidhc [Mike] Cheannabháin. The initial verses appear to be sung by the brother who remained a priest.
Meataí Jó Shéamais Ó Fatharta, "Bóithríní an Locháin" (CICD 154, Cló Iar-Chonnachta)
Bhí mise tigh an mhinistéara aréir Bhi ithe agus ól ag an duine sin Bhí triúr cailíní óga ann Is nach trua gan mé pósta le duine acu.
Agus fill, fill a rúin ó, Fill a rúin ó is ná himigh uaim Fill ar do dheartháirín ó Agus gheobhaidh tú an ghlóir má fhillean tú.
ó, chonaic mé iníon an mhinistéara aréir Hata agus cloca dubh uirthi, Ó 'arm coat' 'dtína dhá glúin, Is nár gheall leis an bpúca chugat í!
Agus fill, fill a rúin ó, Fill a rúin ó is ná himigh uaim, Fill ar do mháthairín ó Agus gheobhaidh tú an ghlóir má fhilleann tú.
Ó b'fhearr liomsa amuigh ar an tsráid Mó mhaide i mo láimh agus pluid orm, Ná thuas ar fhuinneogaí ard Ag éisteacht le dántaireacht ministéara.
Agus full, fill a rúin ó, Fill a rúin ó is ná himigh uaim, fill ar do chuisle is do stóirín, Is gheobhaidh tú an ghlóir má fhilleann tú.
ó, shiúil mise abhus agus thall, I Móta Gháinneoige sea rugadh mé, Ní fhaca mé aon iontas go fóill Ach an Sagart Ó Domhnaill ina mhinistéara.
Agus fill, fill a rúin ó, Fill a rúin ó is ná himigh uaim Fill ar do mhátháirín ó Agus gheobhaidh tú an ghlóir má fhillean tú.
Tá mallacht na sagairt 's na mbráithre Leat i do mhála ag imeacht duit, Ach is measa duit mallacht do mháthara Ná a bhfaca tú ariamh den chineál sin.
Agus fill, fill a rúin ó, Fill a rúin ó is ná himigh uaim, Fill ar do mháthairín go deo Agus gheobhaidh tú an ghlóir má fhilleann tú.
Mo mhallacht go deo do na mná, Ó, siad a bhain díomsa mo shagairtín, Leigh sé an t-aifreann Dé Domhnaigh 'S bhí sé Dé Luain ina mhinistéara.
Agus fill, fill a rúin ó, Fill a rúin ó is ná himigh uaim, Fill ar do phobal faoi dhó 'us tá Banríon na Glóire ag feitheamh leat.
translation as given in the album notes:
I was in the minister's house last night. He had food and drink. There were three young girls there and it's a pity I am not married to one of them.
Return, return, my love. Return, my love, and don't leave me. Return to your brother and you will receive glory if you return.
I saw the minister's daughter last night wearing a hat and a black cloak. She had an armcoat down to her knees. She was like the púca [aka Pooka, mythical creature *] as she approached.
Return, return my love. Return my love and don't leave me. Return to your mother and you will receive glory if you return.
I would prefer to be out on the street, my stick in my hand and a blanket over me, than up in the high windows listening to the chanting of a minister.
Return, return my love. Return my love and don't leave me. Return to your love and your treasure [the RC church?] and you will receive glory if you return.