The Mudcat Café TM
Thread #169402   Message #4094222
Posted By: GUEST,Dónal
22-Feb-21 - 12:21 AM
Thread Name: Lyr Req: Lyrics Request: An Chrúbach (Skara Brae)
Subject: RE: Lyr Req: Lyrics Request: An Chrúbach (Skara Brae)
I probably got this from Internet Archive, I assume An Uiseog is a book or booklet

An Uiseog (1905) Donnchadh Ó Searcaigh

AN CHRÚBACH I dTORAIGH.

Fonn -- The Boys of Old Erin the Green.

An lá chuaidh an chrúbach go Toraigh,
Níor chúgail sí fodar ná féar,
'S níor leig sise búithre le hocras,
Acht cumhaidh a bheith uirthi 'g dul siar,
Níor bh'fhada a seal ar an oileán
Gur thriall sí ar ais go tír mór,
'S deir daoine nach gcoisgfidh sí an turas
Go nglanaidh sí timcheall Ghaoith Dóir.

D'éirigh Éamonn Ó Dubháin 'na sheasamh
Is d'fhiafruigh cá dteachaidh a bhó.
Hubhradh go rabh i Mín an Chladaigh
Ná i n-Inis Bó Finne d'á chómhair.
Deir daoine, má chuaidh sí go Croichshlighe,
Nach baoghal díthe pilleadh níos mó,
Ná tá Cormac ruadh 'deánamh curraigh
'Gus is aige tá craiceann na bó.

Deir Cormac, “Ní mhaoidhfear a craiceann,
Ná ní maith liom-sa aon dhuine d'á luadh,
Acht cuirfidh mé an cás i gcúirt easbog,
Mur saorfar go tapaidh an fear ruadh,
Mar shamhailt na laochraidhe bhí i dTeamhair
I ngníomhaibh 's i n-aigneadh go buan,
Ná 'n gearrfhiadh a chlaoidh le n-a chonairt,
Acht ní baoghal dó an currach chur suas.”

Bhí sí go lúthmhar i bponc seal
Le gearrfhiadh ag bun sléibhe ná ag bárr,
Go dtainic Éamonn Ó Dubháin as Toraigh
Is gur dhearc sé ar a cab 's ar a cárr.
D'amhairc sé uirthi siar fá'n leath deiridh
Is d'éirigh sí 'na seasamh i léim,
Sráid Ghuirt an Choirce gur ghlan sí,
'S bhí a cuid fhéin de'n mhargadh léi.

Beir sgéala uaim siar chun na Rosa,
'Ionns' ar an Dálach ar'b ainm dó Aodh,
Gur éaloidh an chrúbach as Toraigh,
'S go dteachaidh sí 'nonn ar an Ghaoth.
A samhailt ní rabh ins an tír seo,
Agus ní fhacas ariamh go fóil,
'Gus 'sé chluinim ar maidin Dia hAoine
Gur bhuail sí an cladach faoi sheól.

Maise, a Éamonn Uí Dhubháin i dToraigh,
Dar mo chúise, níor mhaith liom do bhó;
Ná budh tusa an fear clúiteach i mbaile,
Budh subhach a bhí seal i dtigh an óil.
Dá mairfeadh an chrúbach in d'aice,
Bhéidheadh lúdair comh farsaing le móin,
Is níor bh'fhearr léithi siubhal ar an talamh
Ná cúrsáil amach go tír mór.

Is dona a chlaoidh mé mo thuras --
An siubhal nár fhág crioth in mo stuaic --
Ó'n Luinigh 'nonn thríd Bhun na Leice,
'S go Croichshlighe, ag Cormac ruadh.
Bhí táilliúir na tíre ann, lucht teagaisg,
Is níor mhór leo-san marbhadh mo bhó --
Choingbheóchadh siad cómhrádh le heasbog
'S an pota ar an teinidh 'gabhail cheóil.