The Mudcat Café TM
Thread #169820 Message #4105777
Posted By: GUEST,Felipa
12-May-21 - 07:27 AM
Thread Name: Lyr Add: Trathnona Beag Areir (Irish Gaelic)
Subject: Lyr Add: TRATHNONA BEAG AREIR (Irish Gaelic)
a love song composed by Seumas Ó Grianna (1889=1969) aka "Máire", a well-known writer from Rann na Feirste , Co Donegal, Ireland.
TRÁTHNÓNA BEAG ARÉIR Séamas Ó Grianna ("Máire")
Thíos i lár an ghleanna
Tráthnóna beag aréir
'S an drúcht ina dheora geala
Ina luí ar bharr an fhéir
'S ea casadh domsa an ainnir
Ab aille cruth is pearsa
'S í a sheol mo stuaim chun seachráin
Tráthnóna beag réir
Agus a Rí nár lách ár n-ealaín, ' gabháil síos an gleann aréir
Ag éalú fríd an chanach, agus ciúnas ins an spéir
órú rún mo chléibh nár mhilis ár súgradh croí 's nár goirid
'S a Rí na Glóire Gile, tabhair ar ais an oíche aréir
Dá bhfaighinnse arís cead pilleadh
'gus labhairt le stór mo chléibh
Nó dá bhfaighinnse bua ar chinniúint
Cér mhiste liom fán saol
Shiúlfainn leat fríd chanach
's fríd mhéilte ar chiumhas na mara
agus dúiched Dé dá gcaillfinn
Go bpógfainnse do bhéal.
Agus a Rí nár lách ár n-ealaín, ' gabháil síos an gleann aréir
Ag éalú fríd an chanach, agus ciúnas ins an spéir
órú rún mo chléibh nár mhilis ár súgradh croí 's nár goirid
'S a Rí na Glóire Gile, tabhair ar ais an oíche aréir
translation to follow shortly