The Mudcat Café TM
Thread #2313 Message #4113794
Posted By: Felipa
19-Jul-21 - 10:11 AM
Thread Name: Origin: Rising of the Moon (Irish)
Subject: RE: Origin: Rising of the Moon (Irish)
yes!
Interesting, published 1890 by Conradh na Gaeilge (I am using standard modern spelling). Maise inis dom, a Sheáin = then tell me Seán,
Amuigh le h-éirí na Gealaí - out at the rising of the moon, "Bán na ré" the white moonrise
Ní fólair na pící bheith le chéile - the pikes must be together,
Bidheadh do píce ar do ghualain - have your pick on your shoulder etc.
EIRIGH NA GEALAIGHE
Maiseadh 'nis dam, a Sheáin Ui Fhearghail,
Fáith do dheithnis chughainn a leith.
Inneosfaidh mé sin duit, a bhuachail:—
A's bhí a leaca lasta teith
Tá 'gam dibh órduighthe an chaptaoin:
Faghaige bhúr n-airm i g-cóir gan sgith;
Ní fuláir na pícídhe bheith le chéile
Amuigh le-h-eirghe na Gealaighe.
Amuigh le h-eirghe na Gealaighe,
Amuigh le h-eirghe na Gealaighe;
Ní fuláir na pícídhe bheith le chéile,
Amuigh le h-eirghe na Gealaighe.
II.
Go de an áit, a Sheáin, dubhairt sé,
A m-beith coimhthionol na bh-fear ann?
áit aithnid duinn araon a bhuachail,
'San t-sean-áit, lamh leis an abhain.
Port feadghala ad' bheul an comhartha,
Port na bh-fear ar siubhal is é:
'S bídheadh do phíce ar do ghualain
Amuigh le h-eirghe bán na rae.
Amuigh le h-eirghe bán na rae,
Amuigh le h-eirghe bán na rae ;
Bidheadh do píce ar do ghualain,
Amuigh le h-eirghe bán na rae.
III.
Bhí na laochra ar feadh na h-oidhce
Ag faireadh ann gach tigh chinn-tuighe
A's croidhe gach treun-fhir díobh ag léimneach
Ag suil le teacht na ngeal shoillsíghe.
O bheul go beul do cluinti monbhar,
Cosmhuil le cronán na m-ban-sighe
A's bhí míle lann ag soillsiughadh
'San n-gleann le h-éirghe na Gealaighe.
Amhuigh le h-eirghe na Gealaighe.
Amuigh le h-eirghe na Gealaighe;
Ni fuláir na pícídhe bheith le céile,
Amuigh le h-eirghe na Gealaighe.