song collected from Micheál Ó Concheanainn by Rionach Ní Ógáin and Ciarán Mac Mathúna in the 1960s (when Micheál was himself in his sixties). These lyrics continue on from the cherry tree to when the babe is born and his mother asks him what will happen and he predicts his death and resurrection at Easter (passover). The article goes on to mention both the song published by Hyde and other versions that have been collected.
I
Trí fichid bliain a bhí Naomh Jósap, An uair a fuaigh sé ag treorú Mhuire Mháthair, Is é a fuair an dántas ab fhearr ná na dáintí.
II
Dhiúltaigh sé dhon choróin agus dhon ór a bhí ag Rí Dáithí Agus b’fhearr leis go mór mór sin Agus a dhul ag treorú Mhuire Mháthair.
III
A Mhuire Mháthair agus a Mhuire Mháthair Agus a Mhuire Mháthair faoi dhó, Agus a Mhuire Mháthair a fuair na grásta go saora tú an domhan mór.
IV
Lá dhe na laethe dhá raibh an cúpla ag siúl thríd an ngairdín Bhí seilíní úra ann, crainn úllaí agus bláistí.
V
Chuir Muire ansin dúil agus tnúth mór sa láthair, I mbaladh na n-úllaí a bhí ansin go cumhraí ón Ard-Rí.
VI
Ansin a labhair Muire Mháthair dhe chomhrá lag fann, ‘Tabhair dhom,’ a deir sí ‘cuide dhe na torthaí atá ag fás ar an gcrann!
VII
Tabhair dom mo sháith acubh, mar tá mé lag fann, Agus tá tobar na ngrásta ag fás faoi mo bhroinn.’
VIII
Ansin a labhair Naomh Jósap dhe chomhrá lag mall. ‘Ní domhsa,’ a deir sé, ‘is córta sin, agus ní heol dom do chlann.
IX
Tóraigh é sin ar athair do linbh, ós air atá tú teann, Agus tugadh sé mian do chroí dhuit, glan díreach ón gcrann!’
X
Ansin a labhair an leanbh Íosa bhí go naofa faoina broinn, ‘Ísligh,’ a deir sé, ‘ina fianais, a chrainn!’
XI
D’umhlaígh an crann síos duiche, ina fianais gan mhoill, Nó go bhfuair sí mian a croí istigh glan díreach ón gcrann.
XII
Nuair a chualaigh agus a chainic Naomh Jósap sin, Chaith sé é héin faoin talamh. Agus thóraigh sé maiteanas ar Rí na nGrásta, faoi go ndearna sé an peaca.
XIII
'Téirigh abhaile,' a deir sé, 'a Naomh Máire, Agus luigh ar do leaba Nó go dtéighe mé go Cathair Bheithile, Go bhfaighe mé maiteanas in mo pheaca.'
XIV
'Ní rachaidh mé abhaile,' a deir Naomh Máire, 'Agus ní luighfidh mé ar mo leaba. Tá cuntas anois agam ó Rí na nGrásta go bhfuil tú tarrthaíthe in do pheaca.'
XV
Trí lá ansin ón lá sin a bhí siad ag goil thrí Chathair Bheithile, Ag tóraíocht ar lóistín ach ní bhfuair siad aon fhóirthint.
XVI
Nó gur casadh iad insa stáiblín nach raibh díon air ná fascadh Agus gur rugadh an leanbh Íosa Eidir bullán agus asal.
XVII
Trí lá ansin ón lá sin d'fhiafraigh Muire dhá leanbh, 'A leanbh, a mhic mo chroí,' a deir sí, 'Anois céard dhéanfas muid feasta?'
XVIII
'Beidh mé Dé Céadaoin,' a deir sé, 'ar mo chaomhaint ar mo námhaid. Agus díolfaíor Déardaoin mé ar dheich bpíosa fichead dhen airgead bán seo.
XIX
Buailfíor orm Dé hAoine deich gcéad míle buille dhe sciúirsí craoibhe nó go mbeidh an braon uasal a bheas in m'uachtar ag goil síos lé mo shálaí.
XX
Cuirfíor spílí maola thrí mo chosaí agus thrí mo lámhaí. Cuirfíor orm an choróin spíontaí ag tabhairt spídiúlacht bás dom. Ach déanfaidh mé an aiséirí ghlórmhar Domhnach geal Cásca.'