The Mudcat Café TM
Thread #42877   Message #4139570
Posted By: GUEST,Adam
19-Apr-22 - 11:50 AM
Thread Name: Lyr Add: Bacach Siol Andai
Subject: RE: Lyr Add: Bacach Siol Andai
Ye Vagabonds version

Ag dul fríd Rinn na Feirste dó briseadh na heasnacha ann,
Bacach Shíol Andaí, Bacach Shíol Andaí,
Ag dul fríd Rinn na Feirste dó briseadh na heasnacha ann,
Bacach Shíol Andaí, Bacach Shíol Andaí.

Ag dul soir chun na gCloch Corr dó cuireadh an tóir ar
Bhacach Síol Andaí, Bacach Síol Andaí,
(Ag dul) thíos chun na hUillinne dó cuireadh an deilín ar
Bhacach Shíol Andaí, Bacach Shíol Andaí.

An raibh tú i dToraigh nó i gCaisleán an Bharraigh,
Nó an bhfaca tú an campa a bhí ag na Francaigh?
Mise agus tusa agus ruball na muice,
Agus Bacach Shíol Andaí, Bacach Shíol Andaí.

Ag gabháil thíos Burtonport dó rinneadh an spórt de,
Bacach Síol Andaí, Bacach Síol Andaí,
(Ag gabháil) thíos Poll an Mhadaidh dó cuireadh na madaidh ann,
Bacach Shíol Andaí, Bacach Shíol Andaí.

Ag gabháil thuas Baile an tSratha dó cuireadh an tsraith ar
Bhacach Síol Andaí, Bacach Síol Andaí,
(Ag gabháil) thuas Baile an tSratha dó cuireadh an tsraith ar
Bhacach Síol Andaí, Bacach Síol Andaí,

An raibh tú i dToraigh nó i gCaisleán an Bharraigh,
Nó an bhfaca tú an campa a bhí ag na Francaigh?
Mise agus tusa agus ruball na muice,
Agus Bacach Shíol Andaí, Bacach Shíol Andaí.