The Mudcat Café TM
Thread #171203   Message #4140552
Posted By: RunrigFan
28-Apr-22 - 06:15 PM
Thread Name: Translation Request: Fill a Bhruinneall
Subject: RE: Translation Request: Fill a Bhruinneall
Fill a Bhruinneall

Ó fill a Bhruinneall, ó fill ó fill
Ó fill a chuisle, ó fill ó fill
Tréigse go tapaidh an claon is an chathair
Nó titfeadsa i ngalar, gan mhoill gan mhoill

Cá hionadh mé léanmhar, faoi chrá faoi chrá
Is tusa i gcéin uaim, a ghrá a ghrá
Gleann Cuilinn bhí ceolmhar anois chím faoi bhrón-bhrat
'S mar bhliain fhada dhomhsa, gach lá gach lá

Mar bhliain fhada dhomhsa, gach lá gach lá
Mar bhliain fhada dhomhsa, gach lá gach lá
Gleann Cuilinn bhí ceolmhar anois chím faoi bhrón-bhrat
'S mar bhliain fhada dhomsa, gach lá gach lá.

Arís dá bhfeicinn thú, 'rúin a rúin
Fé m' dhéin ag tarraingt, ded' dheoin ded' dheoin
Bheadh gileacht an tsamhraidh sa ngeimhreadh gan amhras
Mo chroí bheadh ag damhsa, go subhach go subhach

Mo chroí bheadh ag damhsa, go subhach go subhach
Mo chroí bheadh ag damhsa, go subhach go subhach
Bheadh gileacht an tsamhraidh sa ngeimhreadh gan amhras
Is mo chroí bheadh ag damhsa, go subhach go subhach.

https://www.youtube.com/watch?v=mFQgB-XtKWQ