The Mudcat Café TM
Thread #24205   Message #4140851
Posted By: Felipa
01-May-22 - 02:00 PM
Thread Name: Wanted: Songs for alcoholics!
Subject: Lyr Add: BEARAILTE (Barred, Irish Gaelic)
BEARÁILTE

Tá mé beáráilte Tigh Josie, tá mé bearáilte Tigh Sé,
Tá mé beáráilte Tigh an Táilliúra ó thráthnóna arú inné.
Tá mé beáráilte Tigh Hanley 's as Tigh Phlunkett Joe,
Níl aon phub sa taobh seo tíre a scaoilfidh isteach mé arís go deo.

Bhí mé oíche thiar Tigh Hanley tar éis dhom pionta a ól Tigh Lee,
Bhí an crowd againn ann le chéile 's muid sa gcúinne siúd inár suí.
Bhí na piontaí ‘s na leathchinn 's iad go flaithiúil ann le n-ól,
Ach níor airigh mise ariamh é go raibh mé tite istigh faoin stól.

Tháinig Réamonn 's chaith sé amach mé, fuair mé jaráil uaidh faoin stól,
Dúirt sé “Ná feicim thart thú anseo arís mar níl tú in ann é ól.”
Ó bhuail mé ar mo Honda, chuaigh mé amach Tigh Phlunkett Joe,
Ach ní scaoilfidís isteach mé agus ní scaoilfidh ná go deo.

Ó dúradh istigh Tigh Jack liom nach bhfaighinn uathu ach an ceann,
Ach a dhul amach Tigh Darby, go mbeadh neart le fáil agam ann,
Bhí mé ag staggeráil faoin am seo ag dul anonn agus anall,
Ach bhí Dermot 's é ag fanacht romham ansiúd ag binn an hall.

Chuaigh mé as sin go Réalt na Maidine agus d’ól mé pionta beer.
Agus chuimhnigh mé ar Josie agus staggeráil mé siar.
Nuair a leandáil mé ar an tairseach, bhí Josie 's é amuigh romham,
Agus dúirt liom a bheith ag glanadh go raibh na cosa ag lúbadh fúm.

Ó chuaigh mé ar mo Honda, fuair mé leathghloine Tigh Sé,
Fuair mé fuílleach óil Tigh an Táilliúra mar níor aithin siad ann mé.
Ó thosaigh cineál achrann, cuireadh dath dubh ar mo shúil,
Agus dhóirt mé pionta pórtair a raibh mé caillte inti le dúil.

Ní nach ionadh caitheadh amach mé, thug mé m’aghaidh ar an hotel.
Tháinig strainséara amach agus dúirt “You’re barred from here as well”.
Ó suas liom ar mo Honda, 's mé ag wobbleáil ar nós gé,
Ach bhí an squad ag stopadh carrannaí ag crosbhóthar Dhoire an Fhéich.

"What’s your name agus cé as thú? Anuas den Honda leat go beo,
Céard a tharlódh dá mbeadh crash agat, diabhal tada a cheanglódh tú go deo?"
Ó shín’ siad ‘am an bagín, 's dúirt liom “have a blow”.
Agus tháinig chuile chineál dath air á mbíonn le feiceáil sa rainbow.

Ó caitheadh isteach sa squad mé, caitheadh an Honda thar an gclaí,
Chas siad thart an squadcar 's ar Phat O Malley a thug sí a haghaidh.
As sin go dtí an Bheairic, áit ar ceistíodh mé go crua,
Ach mé cuimhne go deo agamsa ar Ray Lyons 's ar Steve Rua.

Tá mé suite anseo ag baile 's tá an Nollaig beagnach thart,
Tá mé ag mháinneáil ar nós madra 's mo theanga bheag amuigh le tart.
Ó beidh an fhéile seo sách uaigneach agam fhéin agus ag Cáit,
Níl goir agam dhul in aon áit tá mé beáráilte as chuile áit.

the singer names bars he has drunk in and bars he is banned (barred, bearáilte) from. In the last verse, Christmas is going to be lonely for himself and Cáit as he is barred everywhere

listen to John Beag Ó Flathart singing Beáráilte: https://www.youtube.com/watch?v=vjx48ruqK0Y