The Mudcat Café TM
Thread #20104   Message #4171877
Posted By: Felipa
08-May-23 - 08:47 PM
Thread Name: An Maighdean Mhara
Subject: RE: An Mhaighdean Mhara
Is cosúil gur mheath tú
Nó gur thréig tú an greann
Tá an sneachta go freasach
Fá bhéal na mbeann'/na n-áthann /trá
Do chúl buí daite
Is do bhéilín sámh
Siúd chugaibh Mary Chinidh
'S í 'ndiaidh an Éirne 'shnámh

A mháithrín mhilis
Duirt Máire Bhán
Fá bhruach an chladaigh
'S fá bhéal na trá
Maighdean mhara, mo mhaithrín ard
Siúd chugaibh Mary Chinidh
'S í 'ndiaidh an Éirne 'shnámh

Tá mise tuirseach
Agus beidh go lá
Mo Mháire bhroinngheal/bhruinneall
'S mo Phádraig bán
Ar bharr na dtonna
'S fá bhéal na trá
Siúd chugaibh Mary Chinidh
'S í 'ndiaidh an Éirne 'shnámh

Tá an oíche seo dorcha is tá an ghaoth i ndrochaird
Tá an tSeisreach 'na seasamh 's na spearthaí go hard
ách ar bharr na dtonnaí is fá bheal na trá
Siúd chugaibh Mary Chinidh is í i ndiaidh an Éirne a shnámh