Tá an samhradh ag sileadh a shéada, Inniu ar fud Oileán na Naomh. Tá an ghrian ag soilsiú go gleígeal, 'S ag líonadh le haoibhneas an tsaoil Ó, is minic mé 'smaointiú ar filleadh, Ar ais ionsar cáirde mó chléibh; I measc subháilcí sona mo chine, 'Na gcónaí faoi Chruacha na hÉireann.
Curfá Cruacha glas' na hÉireann, 'Lonnrú measc coillte craoibh. Ó a charaid nach méanair, Sinne fé dheire ag filleadh thar sáile. Gaotha grinn dár seoladh, Luascadh ar dhroim na mara; Ó, ní fada go mbeimíd slán, Sa bhaile fé chruacha na hÉireann
Is fada an lá é ó d'fhágamar Ár mbaile 's ár muintir i mbrón Ag dréim lenár bpócaí a líonadh Thar sáile le hairgead is ór Ó nach cuma má táimid ag filleadh Gan pingin inár bpócaí faraor Tá an sláinte go fóill inár gcnámha Ag filleadh go cruacha na hÉireann
Curfá Translation by Risteard Mac Gabhann, Claisceadail Cois Baile, 2023
The Green Mountain Stacks of Ireland
The summer is shedding its treasures, Today throughout the Island of Saints, The sun is shining brightly, And filling with pleasure the world, Oh I’ve often thought of returning, Back to the friends of my heart, Among the happy ways of my people, Living below the stacks of Ireland.