The Mudcat Café TM
Thread #19674 Message #4207167
Posted By: Felipa
17-Aug-24 - 04:33 PM
Thread Name: Lyr Req: Molly Na gCuach Ni Chuilleanain
Subject: RE: Lyr Req: Molly Na gCuach Ni Chuilleanain
Ar meisce cha dtéim níos mó
Braon leanna go deo ní bhlaisfidh mé
Ó chaill mé mo chailín beag óg
A chuireadh i mo phócaí an t-airgead
Curfá:
Is fada liom uaim í, uaim í
Is fada liom uaim í ó d'imigh sí
Is fada liom thíos agus thuas í
Molly/Máilí na gcuach Ní Chuilleanáin
Déanfaidh mé tigh ar an ard
Is beidh ceithre ba bainne breaca agam
Ní ligfidh mé 'n duine dá gcomhair
Go dtiocfadh Moll óg Ní Chuilleanáin
(Curfá)
Dá mbeinnse i ndeacair an bháis
Is na daoine a rá nach dtiocfainn as
Ní dhéanfainn mo thiomna go brách
Go dtiocfadh Moll bhán Ní Chuilleanáin
(Curfá)
Bhí mise lá ar an choill
Is tharla dom soilse bhrádóige
Dhéanfadh sí marbhán beo
Nó buachaill deas óg den tseanduine
(Curfá)
Is fada liom uaim í, uaim í
Is fada liom uaim í ó d'imigh sí
Is fada liom thíos agus thuas í
Molly na gcuach Ní Chuilleanáin