The Mudcat Café TM
Thread #174166   Message #4233557
Posted By: GUEST
29-Dec-25 - 05:24 AM
Thread Name: Lyr Req: Uaigh Cois na Trá - Ma Theann Tú go hEir
Subject: RE: Lyr Req: Uaigh Cois na Trá - Ma Theann Tú go hEir
Uaigh cois na trá
Má theann tú go hÉirinn tabhair mo beannacht anonn
Chuid sléibhte Thír Chonaill le geall barr na dtonn
Chuig muintir na hÓilean tabhair grá ó mo chroí
Ó Thoraí go hÁrainn ba dheacair a glé

Bhí mise óg agus bhí mé i ngrá
Le cailín as Árainn a thug domh sa grá
Bhí muid le posadh ach ní thainig na lá
Mar fuair sise leatroim agus fuair mise crá

Nuair a chuaigh sí na cille ba bhronach a bhí
Lá héirí na gréine bhí mise i mo shuí
Chuaigh mé na huaighe ag sileadh na ndeor
Agus d’fhag mise Éirinn mo chéad mile stór

Nuair a d’fhag mise Éirinn bhí cumha ar mo chroí
Mo chuid mhór den tsaol seo san uaigh thiar ina luí
Chuaigh mise an drabhláis agus bhuail mé an t-ól
Níor fhill mé ar Éirinn níor fhill mé go fóil

Tá croí i mo lámha tá pian ar mo chroí
Is gairid anois uaim go raibh mé i mo luí
San uaigh leis an strainséir nach dtuigeann mo chás
I bhad, i bhad as Éirinn san uaigh chois na trá