The Mudcat Café TM
Thread #33704   Message #450968
Posted By: Big Mick
28-Apr-01 - 07:31 AM
Thread Name: Lyr Req: to Aìne
Subject: Lyr Add: AR ÉIRINN NÍ NEOSFAINN CÉ HÍ
Aingeal,

Aíne gets a little busy, so let me help out with this one.

AR ÉIRINN NÍ NEOSFAINN CÉ hí

Aréir is mé ag téarnamh um neion
ar an taobh thall den teora ina mbím
do thaobhnaigh an spéirbhean i m' chombhair
d'fhág taomanach breoite lag sinn.
Do ghéilleas dá méin is dá cló
dá bréithre 's dá beol tana binn.
Do léimeas fá dhéin dul 'na comhair
is ar Éirinn ní neosfainn cé hí.

Dá ngéillfeadh an spéirbhean do m' ghlór
agus ráite mo bheoil a bheith fíor
go deimhin duit, go ndéanfainn do ghnó,
do léirchur i gcóir is i gcríoch.
Do léifinn fo léir stair do m' stor
is ba mhéin liom í a phógadh ó m' chroi;
do bhéarfainn an chraobh di gan ghó,
is ar Éirinn ní neosfainn cé hí

Tá spéirbhruinneal mhaorga dheas óg
ar an taobh thall den teora ina mbím;
tá féile agus daonnacht ina snó
is deise agus meon ins an mhnaoi.
Tá folt aici ar lasadh mar ór
go cócánach ómarach bui;
tá lasadh ina leacain mar rós
is ar Éirinn ní neosfainn cé hí

Enjoy the song.

All the best,

Mick