The Mudcat Café TM
Thread #36075   Message #501027
Posted By: Brían
08-Jul-01 - 07:49 AM
Thread Name: Lyr Req: Hiring fair songs
Subject: Lyr Add: AN SPEALADÓIR
AN SPEALADÓIR

Is spealadóir beag sásta mé anall as an Ghréig
Bíonn mo speal crochta liom is faobhar uirthi chun féir;
Nuair a ligim ar an talamh í, tógann mná na bhfearaibh í
Mar i ndúil go mbeinn sa bhaile agaibh am bhaint an fhéir

Thiar i gContdae Shligigh atá mo muintir fhéin,
Mo mhamaí is mo dheadí is mo chairde uilig go léir
Tá óir buí go pras acu is níl dúil ar bith sa spras acu
Is pósfaidh mise an spealadóir, is é bhainfeadh an féar.

In iochtar an bhaile seo, tá an pháirc fhada réidh
Gan tor gan tom gan foscadh ach a haghaidh ar anró an tsaoil
Tá giota beag le bearradh di is ní mó ná chuir sí i dtalamh mé
Mar i ndúil go mbeinn sa bhaile agaibh in am bhaint an fhéir

a Chailíní is a bhuachaillí nach trua libh mo scéal?
Tá mise a gabháilna farraige is gan dúil liom go héag
Abraigí sibhse an paidrín gach oích ag dul chun na leapa daoibh
Le mise bheith sa bhaile agaibh in am bhaint an fhéir

From the singing of Róise Bean Mhic Ghrianna(Róise na nAmhrán) SONGS OF A DONEGAL WOMAN.The tune is "THE CUCKOO'S NEST". Altan does a fine version of this on their 1st album.

No hiring fair is mentioned, but it is certainly implied in the song.

Beidh mé ag caint leat aríst,
Brían.