The Mudcat Café TM
Thread #37139   Message #517474
Posted By: Brían
29-Jul-01 - 11:31 PM
Thread Name: Lyr/Chords Req: Songs in irish language
Subject: Lyr Add: TÁ NA PÁIPÉIR DHÁ SAIGHNEÁIL
(Seo na véarsaí)Here are the words for Tá na Páipéir dhá Saighneáil. This version by Johnny Mháirtín Learaí Mac Dhonnchadha on his CD Contae Mhuigheo. A slightly different version is by Tomás Ó Máille on CICD Glór Mhuigh Eo. A more complete version can be found in the book, Amhráin Chlainne Gael(Micheál agus Tomás Ó Máille), but lacks the last verse(Nach aoibhinn do na héiníní, etc...)which can be found in the book, An Duanaire 1600-1900 Poems of the Dispossessed(Seán Ó Tuama agus Thomas Kinsella) The last verse shown here is probably not part of the original song, but is about the epitome of gaelic poetry where the rythm, rhyme, imagery and emotion all come together to express the pain of separation and the rural beauty the author yearns for:

TÁ NA PÁIPÉIR DHÁ SAIGHNEÁIL

Tá na páipéir dhá saighneáil is tá na saighdiúir ag dul anonn
Tá drumadóir aoibhinn aerach le Clanna Gael ag dul go Tír na Long
Dá mbeadh agamsa nach dhuit a bhéarfainn céad is dhá mhíle bó
Ar a chuntar thú bheith i d'fhéirín liom go Contae Mhaigh Eo

Nuair a éirímse amach go huaigneach is a bhreathnaím anonn ar an gcnoc úd thall
Bím ag smaoineamh ar mo chúilín dualach a d'fhág an arraing trí mo lár
Tá mo chroí 'stigh 'na leac na gual dubh, is fear mo thrua níl ach Rí na nGrást
Ach pé ar bith ógfhear a gheobhas uaim thú go síntear suas é i gcónra cláir.

Tá mo stocaí-se strócthe is tá mo phócaí gan pingin
Tá mo nuachulaith phósta ar ndóigh gan aon ní
Tá giní i dteach an óil orm is níor ól mé riamh braon
Ach le cumha i do dhiaidh a stóirín, ní bheadh mé beo mí.

Is nach aoibhinn do na héiníní a éirionn go hard
Is bhíonn ag céilliúradh lena chéile ar aon chraoibhín amháin
Ach níl mar sin domsa, ná do mo chéad míle grá
Fada, fanach óna chéile a bhíonn a n-éirí gach lá.

Is féidir liom cur béarla ar na véarsaí seo, más fearr duit. I can translate this if you need it.

Brían.