The Mudcat Café TM
Thread #42668   Message #620991
Posted By: Áine
04-Jan-02 - 01:07 PM
Thread Name: Info Req: An Binsin Luachra
Subject: Info Req: An Binsin Luachra
Can anyone provide some background information on An Binsín Luachra? Below are the lyrics I have; if you see any mistakes, please let me know.

Buíochas, Áine

Bhíos-sa maidin Shamhraidh ag góilt síos trí Chontae an Chláir,
Agus éanlaith coille ag labhairt liom ar an gcrann is iad ag siúinseáil,
Sea do casadh liomsa an ansacht ba bhreátha is ba dheise snua,
'Gus thugas searc is greann di, 'dtaobh 'amhrais 'sí bláth na n-úll.

Maidin aoibhinn uaibhreach ar bhruach na coille glaise breá,
Is mo ghadhair le m'ais ag gluaiseacht go huasal is mo ghunna im' láimh,
'Sea do dhearcas chughamsa stuairín na gruaige finne 's an bhrollaigh bháin,
Agus ábhar ' bhinse buainte aici den luachair ba ghlaise fás.

'S do dh'fhéachas ar na cuanta agus bhí ann uaigneas agam ar nóin,
Is do dhruideas suas lem' stuairín agus fuaireas uaithi cúpla póg,
Ach 'sé dúirt sí liom go huaibhreach 'Fan suanmhar is ná cuir orm stró,
'Gus ná scaip mo bhinse luachra t'r éis a bhfuaireas dá thrioblóid'.

Is a chailín bhig na luachra, dá leagfása do bheart ar lár,
Ar bhruach na coille craobhaí nó ag éisteacht le fuaim na trá,
Mar na sagairt ní bhfaighidh scéal' air ná éinne eile dá bhfuil san áit,
Nó go dtiocfaidh an chaint don chéirseach 's go n-iompóidh an lon dubh bán.

Ó cailín deas ab fhearr liom a bheith ar láimh liom thar a bhfeacaíos riamh,
'Gus dá bpósfainn cailleach ghránna mo lánchreach ná mairfinn bliain,
Ach phósfainn thusa, a ghrá ghil, a chúil fáinneach na dtrioplaí siar,
Is do bhainfinnse binse breá duit chomh hálainn is a chonaic tú ariamh.

Is a chailín bhig na luachra glac suaimhneas agus fan go réidh,
Mar ní cás duit a bheith chomh buartha in uaigneas is tú leat féin,
Mar má scaip mé do chuid luachra nach dual go bhfuil mórchuid tar a éis,
Agus bainfeadsa binse mór duit agus ualach mar thuilleadh léi.

Is ba dheas an cailín seomra í um thráthnóna is a bruis 'na láimh,
Is cár dheise ná crú na mbó í 'sí smóilín í an bhrollaigh bháin,
Do tharraingeodh samplaí coróinneach go róbhreá ar éadach cláir,
'Sí searc mo chroí 's mo rún í 'sí mo stuairín í go bhfaighidh mé bás.