The Mudcat Café TM
Thread #44531   Message #657019
Posted By: Jim Dixon
24-Feb-02 - 06:40 PM
Thread Name: Lyr Req: Ciarraioch Mallaithe / Accursed Kerryman
Subject: Lyr Add: AN CIARRAÍOCH MALLAITHE
Copied from Ceolta Gael:

AN CIARRAÍOCH MALLAITHE

Má leanaim go dian tú siar chun Cairibreach
Caillfead mo chiall mura driallfair abhaile liom,
óró, bead ag sileadh na ndeor.
Ná tar im dheoidh gan mórchuid airgid,
stampa Rí Shacsain go cruinn i dtaisce agat,
óró, i gcomhair costais an róid.
Ní bheidh cloig ar ár ndornaibh ó rómhar na ngarraithe
ná ó chruachadh na móna ná an fómhair á leathadh orainn,
beidh rince fada againn más é is fearra leat,
ór agus airgead, ól agus beathuisce,
óró, fad a mhairfimid beo.

Do shiúlfainn an saol go léir is an Bhreathnaisc leat
is níorbh fhearr liom bheith in Éirinn ag éisteacht Aifrinn,
óró, nó i Sasana Nua.
Ach ná creidim ód' bhéal dhá dtrian dá nabrann
mar is fear magaidh thú 'bhíos ag mealladh ban
óró, le do reacaireacht spóirt.
A chumann mo chléibhe is a réaltan mhaisealach,
ní neosfainn bréag ó m' bhéal ar chapall duit
ar eagla an pheaca is go mbeimis damanta.
Grá atá ceangailte im lár nach scarfainn leat
óró go dtéad síos faoin bhfód.