The Mudcat Café TM
Thread #9802   Message #70833
Posted By: Philippa
14-Apr-99 - 06:25 AM
Thread Name: Lyr Req: Casadh an tSugain
Subject: Lyr Add: CASADH AN TSUGAIN
The lyrics posted 21 March have transmuted, but not to worry: the no. of lyrics affected should be small and I think the large no. of lyrics posted before Jan which had been gone funny are back to normal now (I hope!). I found a verse commencing "D'imreas cleas..." in an t-Athair (Father) Pádraig Breathnach's "Ceól ár Sínsear" (Dublin, 1934). I haven't typed it out yet. In the meantime, here's a repeat of the version posted last month:
CASADH AN TSUGAIN

Má bhíonn tú liom bí liom de ló 's d'oidhch'
Má bhíonn tú liom bí liom a stór beag mo chroidhe
Má bhíonn tú liom bí liom gach orlach de do chroidhe
'Sé mo léan ar lom nach liom tráthnóna mar bhí.[mar mnaoí]

(Curfa/)
Má bhíonn tú liom, bí liom a stór mo chroidhe
Má bhíonn tú liom, bí liom de ló a's d'oidhch'
Má bhíonn tú liom, bí liom gach ordlach de do chroidhe
D'éalochadh bean le fear nach ndeanfadh sin féin.

Bhainfinn, chuirfinn, chraithfinn síol, coirce a's féar
Agus chuirfinn na ba 'san inghilt a bfhearr a dtiocfadh an féar,
Chuirfinn crúidhthe air an each a bfhearr a shiubhail ariamh féar,
D'éalochadh bean le fear nach ndeanfadh sin féin.

Bhí mé seal, a shearc, agus cumhaidh orm 'do dhéidh,
Seal beag eile, agus b'áite liom bheith ag pógadh do bhéil;
Níorbh áite liom an staruidhe a bhéadh leatsa as liomsa air láimh
'Sí grádh mo chroidhe an bhean a bhéadh air a'n inntinn amháin.

Monuair, gan mise a's tusa a rún-searc mo chléibh
I dtomglas choilleadh na ngleanntán uaigneach linn fhéin,
Gan a'n duine a bheith níos deise dúinn na dhá mhíle déag
Ach mise gus tusa a bheith ag briseadh bharr bhog an fhéir.

Moch, as och, a's osna i lár mo chléibh
Fá mo chailín deas a's gan fios cá ngeobhthaidhe mé léithí;
Ní thiubhrainn toil don chró nar bhfearrde a choidhche mé
Trí bá, caoirigh, agus síogaidhe mná a d'imthigh ó fhéidhm

A chairde ghaoil, coinnigidh amach uilig mé
Ó mo chur le mnaoí agus gan m-inntinn sásta bhéith léithí
Gheall air mhaoin bhig agus mhaighdin nar shásuigh riamh mé
Trí ba, caoirigh, agus síogaidhe mná a d'imthigh ó fhéidhm.

Dá mbéadh spré ag an chat, is cinnte go bpósfaidhe é,
Acht níl, faraor, ag an té is córtha dó é
Nighean na caillighe giobaighe is fearr í a gheobhas céim,
As mo chailín deas gan fios cá ngeobhfaidhe mé léithí.

B'fhuras damh aithne air bhaint na luachra seo 'ndé
Go dtug mo mhúirnín mu/irneach cúl mór damh fhéin;
Thainig mé isteach 'san teach a rabh rún-searc mo chléibh
A's chuir an chailleach amach le casadh an tsúgáin mé.

á = a/ , é = e/ , í = i/ , ó = o/, ú = u/