Copied from http://www.barbarygrant.com/Lyrics/bridget_o_malley.htmBHRÍD ÓG NÍ MHÁILLE / BRIDGIT O'MALLEY
Is a Bhríd Óg Ní Mháille, 's tú d'fhág mo chroí cráite
Tá arraingeacha 'n bháis ag gabháil fríd cheart-lár mo chroí
Tá na mílte fear i ngrá le d'éadan ciúin náireach
Is go dtug tú barr breácht' ar thír Oirghiall má's fíorNíl ní ar bith is áille ná'n ghealach os cionn a' tsáile
Ná bláth bán na n-áirní bhíos a' fás ar an droighean
O siúd mar bhíos mo ghrá-sa, 'na trillsí le breáchta
Béilín meala na páirte nach ndearn ariamh claonIs tuirseach 's is brónach a chaithims' an Domhnach
Mo hata 'n mo dhorn liom 's mé ag osnaíl go trom
Mé 'g amharc ar na bóithre a mbínn 's mo ghrá' gabháil ann
'Nois ag fear eile pósta is mo h-och nach í 'n fheallNach mise 'tá thíos leis a' phósadh seo 'dhéanamh
'S nach gcodlaím aon oích' ach ag osnaíl go trom
O nár fhágaidh mé 'n saol seo go rabh mé 's mo chéad-searc
Ar an aon leabaidh sínte 's mo lámh faoi n-a cionnIs buachaill deas óg mé 'tá ag triall 'un mo phósta
'S ní buan i bhfad beo mé mur' bhfaghaidh mé mo mhian
A chuisle is a stóirín, déan réidh 'gus bí romham-sa
Cionn deireannach den Domhnach ar Bhóithrín Droim Sliabh[The English version is in the DT: BRIDGIT O'MALLEY.]