SMAOINTE
Tomás Mac Eoin
I smaointe a stór, an mbeidh tú liom
Is an samhradh aríst faoi bhláth
Nuair a thagann an drúcht ón spéir gan smuit
Is na bláthanna is cumhra ag fás?
curfa [chorus]:
I smaointe beidh tú i gcónaí liom,
Níl ach smaointe anois le fáil
Is é mo bhrón is mo chumha gur imigh an uair
Nach bhfuil níos mó le fáil.
Nuair a shiúlaim liom cois cuain go ciúin
Ag tóraíocht fuascailte ar mo chás,
Cloisim aríst do ghlór mar a bhíodh
Nuair a labhair tú liom ar ghrá.
Uaigneas, tuirse, brón is buairt
A thagann i ndiaidh grá
Dá leigheasfadh smaointe buarthaí an tsaoil,
Ní bheadh a leithéid ann.
Tiocfaidh aríst bláth ar chraobh
Ag teacht leis an lá breá --
Ach mo bhrón an uair úd nach dtiocfaidh níos mó
Mar a thagann bláth ar chrann.
"You will always be with me in my thoughts"
Tomás Mac Eoin of an Ceathrú Rua, Co. Galway, Ireland is both a sean-nós singer and a writer of contemporary songs such as Smaointe, An Cailín Álainn, Bléan na Bó, & Mé Fhéin 'us Tú Fhéin.