The Mudcat Café TM
Thread #4102   Message #715951
Posted By: GUEST,Philippa
23-May-02 - 05:43 AM
Thread Name: Lyr Req: Donall O Conaill
Subject: Lyr Add: DÓNALL Ó CONAILL
DÓNALL Ó CONAILL

'S é Dónall binn Ó Conaill caoin an planda gíor den Ghael-fhuil
Gur le feabhas a phinn is meabhair a chinn do scól sé síos an craos-shliocht.
Go bhfuil sé scríofa i bPastorina go maithfear cíos do Ghaelaibh
Go mbeidh farraigí breac le flít ag teach isteach thar Pointe Chléire

curfá [chorus]
Agus raight fol do dol dol
Raight fal do dol
Raight fal ol dol déirí.

In Uibh Ráthach thiar tá an dragún dian, ár sciath ar iarthar Éireann
Go bhfagfaidh iad go brách fó chiach an t-ál seo a shéan an éide.
Fán is fiach á gcrá go dian gan fáil ar iasacht scléipe
Faoi sháil an diabhail a ngrádh go léir ach plá is pian a réabadh.

Sa bhfómhar seo chugainn 'sea dhófam púirt le glór an Údar Naofa,
Beidh Seoirse dubhach gan choróin, gan chlú gan sólas boird, gan féasta.
Ólfam lionn is beoir le fonn, 's comhsheinnfeam tiúin don Ghaeilge
Beidh bróga dubha ar gach ógfhear chlúil cé gur ró-fhada dhúinn á n-éagmais.

Beidh ministrí gan strus, gan phoimp' is ní rithfid chun cinn mar théidis
Ní bhaindfid cíos de Chaitlicibh mar cuirfear síos na meirligh.
Beidh Dónall choíche ann a dtí go nglanfar cruinn as Éilge iad
Nuair a bheidh an dlí fúinn féin arís ar theacht "Emancipation".

a song about the "Great Liberator" Daniel O'Connell, from the singing of Deirbhile Ní Bhrolcháin.