The Mudcat Café TM
Thread #47903 Message #716406
Posted By: GUEST,Philippa
23-May-02 - 05:46 PM
Thread Name: Lyr Add: Taim-se agus Maire
Subject: Taim-se agus Maire
Táim-se 'gus Máire Seán Eoghain Ó Súilleabháin
Táimse 'gus Máire go sásta 'nár n-aigne Ó nascadh i bpáirt sinn ar an altóir ró-bheannaithe Thug sise grá thar áibh is thar fearraibh dom Agus thógtha ar láimh í 's go brách brach ní scarfaimid
Is í mo chéile-se Máire, an stáid-bhean mhodhail mhaisiúil Ag luascadh an chliabháin, is an páiste ar a sheanscaireacht: Stoca ina láimh aici, bioráin inti ag preabarnaigh Í ag cniotáil is ag crónán don leanbhan.
Tá torthaí ag fás i mo gháirdín go slachtaithe Úlla, áin agus cúiríní dearga Siúcra i mála le ráithe agam taiscithe Subh is mílseáin don bháb is don bhanaltra
Is é mo ghuí chun an Ard-Mhic a ghrásta a scaipeadh orainn Go leanfaidh an t-ádh sinn, gan gátar gan easpa orainn Nuair thiocfaidh Lá an Áirimh, in áithreabh úd Iosephet Go dtóga Dia ar láimh sinn, in airde go Parthas.
Some of the songs of the Gaels are happy, whatever Chesterton said. Jimmy Crowley comments "A song extolling the virtues of married bliss in frugal comfort that would warm the cockles of De Valera's heart."
Recordings include Jimmy Crowley and Deirbhile Ní Bhrolcháin