The Mudcat Café TM
Thread #48037   Message #719068
Posted By: GUEST,Philippa
28-May-02 - 06:49 PM
Thread Name: Lyr Add: Amhran na Scadan
Subject: Amhran na Scadan
AMHRÁN NA SCADÁN

Is anois atá mé aosta, 's é ag éirí lag breoite tinn.
Níl mé 'g dúil go brách le biseach 'fháil go sintear mé sa chill.
Ach bheirim altú do Dhia na glóire, mar chuir mé 'steach mo am
Ar chreag i lár na farraige i measc éanacha na mbeann.

Nuair a smaointím ar an eangaigh 's ar an bhád a mbíonn sí ann,
Smaointím ar na rámhaí's ar a mbuillí ins an toinn,
Smaointím ar an fhearthainn 's ar a tréine bhíos an ghaoth
'S gach uair dar chroch mé an stiúir uirthi sa teilbh ina cionn.

Nuair a shuímse cois na tine, agus smaointím ar an am
A raibh mé féin 's mo churach bheag ag gabháil amach ar bharr na dtonn
'S gan eadar mé is an tsíoraíocht ach an t-éadach tána tarr,
Cosnadh gaoithe agus farraige i measc éanacha na dtonn.

From the singing of Éamonn Ghráinne Mac Ruairí, published in RTÉ Radio Scoile 1975

I mentioned this song in the Badaí na Scadán thread, but Amhrán na Scadán is a happier song altogether, even if the old man reminiscing about fishing in his currach says there was nothing between him and eternity but the tarred cloth covering the frame of the boat (last verse).