Here are the words of Bádaí na Scadán as given in Ó Baoighill et. al. Cnuasacht de Cheoltaí Uladh . The publication is circa 1944, so the spelling is a bit different from the modern standard. I copied the spelling as given in the book.
BÁDAÍ NA SCADÁN / Bádaí na Sgadán
Fuireann a' bháid a b'fhearr a d'fhág Inis Fraoigh
'S iad a' tarraignt 'san áit a rabh bádaí na sgadán na luighe.
Ar builig gur fagadh 'sgan tarrthail orthú faraor
'S mo bhuachaillín bán deas a sheinnfeadh an fhidil 'san phíob.
Is measa liom Eoghan na sgór 'e fhearaibh a tsaoghail
'S e chuirfeadh ar bórd 's nach mór a laguigh sé 'n tír
Tá macán bocht buadharta, Nóra bheag a's a nighean
'S dar liom ar ndóighe go bhfuil dólas mór fada 'r a mhnaoi.
A Fhearghail, a dhearbhrathair, má tá tú i bhFlaitheas na Naomh
Iarr furtacht ar an árd-Righ le n-a bhagháil ins a' chladach seo thíos
Mur' bhfaighthaidhe ach a gcnámha, dá mbíodh ar na leaca ag n-a thaoibh
Bheadh 'athair bocht sásta 'gus athrach mór fada 'r a shaoghal.
Níor mhaith liom do shúil 'rú 'bheith brúighte tursach i ngreann
'S do chorpán geal úr 'bheith a' súgradh ar bharra na dtonn
Na maidí bhí fút 'a lúbadh tharat anall,
Bhí do lámh ar a' stiúir 's tú a' dúil le bheith 'bhFlaithis gan mhoill.
Dá bhfeicthea Eoghan Mór 's é ag cuartughadh cladach a's poll
'G iarraidh tuairisg na mbuachall a fuadughadh amach ar a' tuinn
Shiubhal sé na cuantaí ach níor dhual dó a léithid 'fagháil ann
Ach go bhfuarthas a dtuairisg thuas ar an Iomaire Cham.