The Mudcat Café TM
Thread #26598 Message #719915
Posted By: ciarili
29-May-02 - 09:40 PM
Thread Name: Tune Req: Bheadh Buachaillin Deas ag Sile
Subject: Lyr add: bheadh buachaillín deas ag síle
Bheadh Buachaillín Deas ag Síle
fr the singing of Seosaimhín Ní Bheaglaoich, this song is popular in Corca Dhuibhne
Bheadh Buachaillín Deas ag Síle dá bpósfadh sí mé mar fhear
Mharóinn an breac ar an taoide is coinín ar an ndumhaigh chomh maith
Ní iarrfainn léi capall ná caoire, airgead buí ná geal
Mar go mb'fhearr liomsa agam mar mhnaoi í, ná aon iníon rí dar mhair
Tá máthair gan taise ag Síle, is ní bhraitheann sí a croí rómhaith
Tá sparán mór fada aici líonta ag lorg talamh gan cíos le fear
Chuma léi ard é nó íseal, ba chuma léi buí nó geal
Ó ba chuma léi cam é nó díreach ach bheith aige caoire is ba
Ní mar sin mar mheasann mo Shíle, b'fhearr léi mise ná míle fear
Mar is meidhreach is ea sheinnfinn ar phíob di, is is greanta do rincfinn dreas
Chuirfinnse i dtalamh na síolta, is bhainfinn arís thar n-ais
Nuair a thiocfainnse abhaile ní bhruíonfainn ach ag reacaireacht grinn lem shearc
Tá mo mhargadh socair le Síle, is ní bhrisfeadh Éire ar fad
Gan spleáchas dá máthair ná muintir, rachaidh sí chun cinn gan stad
Pósfam sa chathair an mhí seo is an sagart a dhíol go maith
Is ní dóichí go bhfanfam sa tír seo, ach ag reachtaireacht síos amach