Bhí grá agus gean ag gach n-aon air An seanduine críon 's an t-óg Bhí an saidhbhir 's an daidhbhir i ngnaoi leis Mar gheall ar a chroí maith mór Le togha 'gus le rogha na t'íre Do chaitheadh sé píosa óir 'S le daoine bocht' eile níor spíd leis Buidéal den tsíbín d'ól
Tá Antoine Ó Gabháin a' caoine 'S ní bheidh Seán Ó Baoghail i bhfad beó Ó cailleadh a gcaraid san tír seo 'Sé d'fhágaibh a gcroí faoi bhrón. I n-anacair chathair níor síneadh 'Sé mheasaim, fá líag ná fód Aoinneach ba mheasa don dís-se Ná an duine bocht maol, Eoghan Cóir!