The Mudcat Café TM
Thread #52311 Message #800323
Posted By: Fiolar
10-Oct-02 - 10:20 AM
Thread Name: Lyr Add: Eoghan Coir /Owen Coir
Subject: RE: Lyr Add: Eoghan Coir /Owen Coir
Many thanks to Martin for posting the translation of "Eoghan Coir." It's a good many years since I learned it at school. It is probably one of the most beautifully crafted pieces of satire, (if indeed not the best) ever written in the Irish language. "Eoghan Coir" was one of the meanest landlords ever to draw breath and Richard did a beautiful hatchet job. Here is the full Irish version. Eoghan Cóir 1. Nach é seo an scéal deacrach sa tír seo, In anacair chroí agus bróin, Ó fhagas sé Creagán an Líne Go dté sé go dtí an Fál Mór A leithéid de screadadh 's de chaoineadh Níor cluineadh sa tír seo fós, Cé nach bhfuil again aon ionadh Ó cailleadh, faraor! Eoghan Cóir. 2. Bhí gnaoi agus gean ag gach n-aon air, An seanduine críon 's an t-óg, Bhí an saibhir 's an daibhir I ngrá leis Mar gheall ar a chroí maith mór; Le togha agus rogha na tíre Do chaitheadh sé píosaí óir Is le daoine bocht' eile níor spíd leis Buidéal on síbín d'ól. 3. Tá Antaine Ó Gabhain ag caoineadh 'S ní bheidh Seán Ó Baoill I bhad beo, Ó cailleadh a gcaraid sa tír seo 'Sé d'fhága a gcroí faoi bhrón; In anacair chatha níor síneadh, 'Sé mheasaim, faoi liag ná fhód Aon neach ba mheasa don dís seo Ná an duine bocht maol Eoghan Cóir. 4. Ba ró-mhaith ag tógáil an chíos' é Ba bheag aige mí nó dhó Go ndíoltaí an bhó ar an aonach Nó an giota do bhíodh sa seol. 'Sé dúirt Séamas Pheadair Mhic Riabhaigh, Is é ag agairt ar Rí na nDeor – De réir mar bhí seisean le daoine Gurb amhlaidh bheas Críosta dhó. 5. Aon agus seacht insa líne Agus oct do cuir síos faoi dhó Trath ghlac seisean cead lena dhaoine, Agus níor labhair sé gíog níos mó. Tá sé go dearfa scríofa Gur talamh is críoch gach beo Is chomh fada is bheimid sa saol seo Ca miste dhúinn braon beag d'ól.