The Mudcat Café TM
Thread #6543   Message #801675
Posted By: Brían
12-Oct-02 - 08:32 AM
Thread Name: Info: Pretty Maid (Girl) Milking a Cow
Subject: Lyr Add: CAILÍN DEAS CRÚITE NA MBÓ
CAILÍN DEAS CRÚITE NA MBÓ

Lá gréine is mé ag aoireacht i gcom cnoic
Thainig éiclips agus luathramh ró mhór,
Is mé ag feicaint ins na spéaraibh go hiontach
'Sé taobh liom gur thuirlic bean óg.
Ach nuair a d'fhiafraíos cad é an chiall duit theacht chugham ann
Is gan éinne dá trúpaibh 'ná treo'
Nó arbh í an bhean uasal a bhí go huaigneach i gcom cnoic
Nó cailín deas crúite na mbó.

Is baolach nach chun saol fada a thabhairt dom
Gur thaobhaigh an chúileann san im 'threo,
Nó arbh í an bhean uasal a bhí go huaigneach i gcom cnoic
Nó cailín deas crúite na mbó.

Agus reacaireacht mhagaidh ní chumfainn,
Ba bheag orm lúbadh os ord,
Ach    ? an teanga air do thabharfainn,
Go bhfacasa asúd an bhean óg,
Mar do mheasas dul tamall dá tionlac
Is ná scarfainn le mo rún searc go deo,
Lena geasa ? do bhuail cleasa ar mo shúilibh
Is gearr é gur iompaigh 'na cló.

Sí an chiúin tréitheach chiúin réitheach ? is stuaime í,
Meidhréiseach ? uasal go leor,
Is gur ghile í na an eala ar na dúthchaibh,
Is gearr gur dhein clúmh dí os mo chomhair.

Is éadrom 's aerach do shiúlóinn,
Ar taobh cnoic lá smúite gan cheo,
Is gur ghile í ná an eala ar na dúthchaibh,
Is is gearr ná gur iompaigh 'na cló?
Do bhí a claonrosc ar aon dath an drúchta,
Is a mala ró-dheas chumtha go leor,
Is go raibh an gil-phéacaigh seo taobh liom do ghluais sí,
Teact ag éisteacht le buachaill na mbó.

This was recorded in 1965 by Ciarán Mac Mathúna. The singer is Seán Ó Donghaile, An Coireán, Co. Chiarraí. There are more complete versions available. The singer apparently learned it orally and there seems to be errors. I can't make out the missing words from listening to the recording.

Brían