The Mudcat Café TM
Thread #2747   Message #818209
Posted By: GUEST,Philippa
04-Nov-02 - 01:24 PM
Thread Name: Tune Req: Glenroe theme / Cuaichin Ghleann Neifin
Subject: Lyr Add: MAINISTIR NA BUAILE
Thanks Declan!

Mainistir na Buaile is another mournful love song to this old tune. This version of Mainistir na Buaile is from the recording "Contae Mhuigheo" by Johnny Mháirtín Learaí Mac Donnachadha on theCló Iar-Chonnachta label. Johnny Máirtín Learaí hails from Carna, Co. Galway - as did other renowned Irish language singers such as Joe Heaney (Seosamh Ó hEanaí) and Josie Sheáin Jeaic.

MAINISTIR NA BUAILE

Chaith mé seacht seachtainí i Mainistir na Buaile
` Mo luí ar mo leaba, ní mo chodladh ach i mo dhúiseacht
Ag súil leat chuile leathuair go dtabharfá an sagart faoi rún leat
Ó bhí tú de mo mhealladh, is gur chaill mé mo chlú leat.

Is mar bhláth bán sa ngairdín a bhíonn mo ghrá-sa i dtús an tsamhraidh
Nó na faoileáiní bána a bhíonn ag snámh ar Loch Éirne
Nó mar an long os cionn an tsáile a mbeadh an dealradh ag dul timpeall
Mar sin a thagann mo mhile grá-sa is í ag ramhailtí trí m'intinn.

`S gabhann mo mhuintir go Baile an Róba ag cur mo chonra á déanamh
Is chuaigh an chuid eile go Coillte Eochaill ag baint mo chróchair de bharr géaga
Ach tá súil le Rí na Glóire agam go mbeidh siad ar fad bréagach
Is go mbeidh mise is mo mhíle stórín seal ag ól lena chéile.

Is nach aoibhinn don chabán a dtéann mo ghrá ag ól ann
Is nach aoibhinn don tulán a leagann sé a bhróg air.
Is nach aoibhinn don chailín óg deas a gheobhas é le pósadh;
Is é réalt eolais na maidine é, is crann soilse an tráthnóna.

Is nár ba fada nó go bhfaighfidh mé uair litir is scéala
Is nár fada nó go bhfaighidh mé le n-oscailt is le léamh í
Nár ba fada nó go bhfeice mé an sagart 'na chulaith ghléigeal
Ór buí 'nár bpócaí, is muid pósta le chéile.

Ansacht na nAnsacht is also fairly similar both in words and tune