The Mudcat Café TM
Thread #10469   Message #84251
Posted By: Annraoi & Philippa
05-Jun-99 - 04:49 PM
Thread Name: Origins: Ard Ti Chuain/Quiet Land of Erin
Subject: RE: Ard Tí Chuain/Quiet land of Erin
vis a vis Mac Ambróis. Tá leabhar amuigh ag Derek Bell agus Liam "Ólta le Ceolta" ina ndéantar tagairt don fhile. Ní cuimhneach liom ainm an leabhair, ach tháinig sí amach ar na mallaibh. Tá mé ag déanamh go dtearn Ruairí Ó Bléine tagairt dó fosta ina leabhar "Presbyterians and the Irish Language." Tá dhá scéal i dtaobh an amhráin "Aird a' Chumhaing". 1) Bhí an file in Albain ag obair. Lá amháin, bhí sé ina shuí ar bheanna na hAlban ag amharc siar ar chósta Aontroma abhí le feiceáil ag bun na spéire. Bhuail taom cumhaí é agus scríobh sé an dán fán a áit dhúchais. Bhí sé chomh tógtha sin go dtáinig sé arais 'na' bhaile. 2) Bhí an file ar tí a dhul anonn go hAlbain, ach nuair a smaointigh sé ar an tsaol a bheadh aige thall, i bhfad óna mhuintir is óna áit féin, shocraigh sé ar gan imeacht ar chor ar bith agus scríobh sé an dán.Tá sé mar "amhrán náisiúnta" ag Glinntí Aontroma ó shoin. Annraoi

Annraoi put this message in the wrong thread, so I'm taking the liberty of repasting it here. A translation isn't really necessary because stories 1) and 2) are as Roddy told us on 23 April.