The Mudcat Café TM
Thread #57833 Message #911706
Posted By: GUEST
17-Mar-03 - 03:50 AM
Thread Name: Lyr Req: Kila - Tog e go bog e -
Subject: Lyr Add: TÓG É GO BOG É (Rónán Ó Snodaigh)
Sorry Sabine, thought you'd find the Irish lyrics there as well. Anyway, here they are:
TÓG É GO BOG É (Rónán Ó Snodaigh)
Gafaithe in áit a líonann an trácht atá mé Gafaithe in áit a chreidfeadh tú é Gafaithe in áit a rialaíonn an trácht a bhí mé N'fheadar conas ach is cinnte go n-éalóidh mé
Chun imeacht i dtreo na bóithre gan cosán le mo thaobh atá mé Chun taisteal thair as thall aris ar bhrollach an domhan atá mé Chun díriú i dtreo an dúchais in ar tógadh mé atá mé N'fheadar conas ach is cinnte go shroichfidh mé é
Slán agaibh, slán agaibh Uilig, slán agaibh Agus buailfidh libh arís ar ball Slán agaibh, slán agaibh a chairde, slán agaibh Agus tiocfaidh mé ar ais arís ar ball
Ag fuascailliú na sciatháin atá díomhaoin i mo cheann atá mé Ag lorg radharc lena ritheann an tuiscint léi atá mé Ag lorg sos agus síochán do mo chroí 's mo cheann atá mé Is cuma conas ach, go bhfaighfigh mé é
Tóg é go bog é, glac é go réidh Tóg é go bog é, na bí ag troid leat féin Tóg é go bog é, glac é go réidh Tóg é go bog é, tochaill go doimhin ionat féin Tóg é go bog é, glac é go réidh Tóg é go bog é, na bí ag troid leat féin Tóg é go bog é, glac é go réidh Tóg é go bog é, tiocfaidh sé nuair a thagann sé
Ag lorg áit lena mbuaileann an fharraige leis an spéar atá mé Ag lorg tobar a tinte óna lastar ár saol atá mé Ag iarraidh fás agus forbairt a chothú ar an saol atá mé Agus cúiseanna ceiliúradh a chur chun cinn timpeall orm atá mé
Tóg é go bog é, glac é go réidh Tóg é go bog é, na bí ag troid leat féin Tóg é go bog é, glac é go réidh Tóg é bog é, tochaill go doimhin ionat féin Tóg é go bog é, glac é go réidh Tóg é go bog é, tiocfaidh sé nuair a thagann sé Tóg é go bog é, glac é go réidh Tóg é go bog é, lig don solas teacht isteach i do shaol