The Mudcat Café TM
Thread #58956   Message #936400
Posted By: GUEST,Felipa
19-Apr-03 - 07:53 AM
Thread Name: Bimis ag ol
Subject: RE: Bímis ag ól
is that why they named the brew "Beamish"?!

I have a book of poems by Eoghan Ruadh, but this one isn't in it. If I get the opportunity, I might ask Mícheál Ó Súilleabháin about the song's origin.
^^
from Cork singer Johnny Crowley, who learned it from Paul Frost:

BÍMIS AG ÓL
(Eoghan Ruadh Ó Súilleabháin) adapted by Mícheál Ó Súilleabháin, Dónal Ó Liathan & Seán Ó Riada

Trathnóinín fhomhair ar leathtaoibh a róid
Do dhearcas an óig-bhean mhórthmharach dheas
Comh blasta is cóir do leabhair a beól
Ó téanam ag ól agus díolfhaid-sa as.

curfá / chorus
Agus bímis ag ól, is ag ól, 's ól
Bímis ag ól is ag pógadh na mban
Bímis ag ól is ag rince le ceol
Is nach aoibhinn an gnó bheith á bpógadh gan tart.

Bhí tabhairne san áit, gan mhoill orainn dul sall
I gcomhluadar galánta ag diúgadh gan stad
Puins dúinn ar bord is ea d'ordaigh mo stór
Agus bímis go ceolmhar go nglaofaidh an coileach

Bhí an Spéirbhean lem' ais go luisnitheach geal
A beola caordhearg, graon branda ina glaic;
Do phógas a beól is gur fonnmhar a póg
"Tóg bog é, a stúmpa, nó díolfaidh tú as!"

Bhuail fear liom inne is é ag ól cupán tae
Is é a bhí go tréith agus breoite go maith
Dá n-ólfadh sé taosc de phoitín Chúil Aodha
Níor fhada dó ag léimt is ag tóraíocht na mban.

Sinn sínte go sóch tar éis iomad den ól
Ach ar buile a dó, ar an ndoras do bhuail cnag
An Sáirsint ar toir, barantas ina dhóid
Ach d'éalaigh gach geocach thar clathacha amach.