The Mudcat Café TM
Thread #13247 Message #956245
Posted By: GUEST,Philippa
20-May-03 - 12:25 PM
Thread Name: Lyr Req: Rath Cairn Glas na Mi
Subject: Lyr Add: Amhrán Rath Cairn
I've started reading bits of a book by Éamon Ó Ciosáin about a radical Irish language newspaper An t-Éireannach which was published in the years 1934-37. One of the three people who founded it was Sorcha Ní Ghuairim (1911-1977) who we know as a singer. There is a chapter in the book about Rath Cairn and a song by another well-known singer, Darach Ó Cathain, is given in the appendix. This is an older and gloomier "Amhrán Rath Cairn" and I think Ciarán Ó Fathartha had it in mind when he composed his own song.
The establishment of a new east-coast Gaeltacht in Co. Meath was controversial. Shop keepers in the west didn't want to loose their customers (though weren't people emigrating anyway?), would people loose their Irish if they moved east?, why should they given land for free?, etc. But although the families who moved to Rath Cairn had a good start-up package, they were then left to fend for themselves. There was scandal over some selling farms and moving to England. (I may correct or add detail when I read some more, or maybe someone with more knowledge of the subject will add information to this thread). Rath Cairn has changed, but it has survived as a community which is largely Gaelic speaking and proud to be so.
AMHRÁN RÁTH CAIRN Darach Ó Cathain
Tá scéala náireach anois ag tarlú anseo i lár na Mí, Ag díol na h-áite gan cead ón Státa a fuaireadar gan pingin, 'S gur seafoid ghránna ' bheith tarraingt páipéir amach as beainc átha Buí
San am ar tharla go raibh an áit seo faighte 's na taltaí seo le roinnt, Bhí siad as Carna, as Bun a' Charnáin, as Garomna is Tír 'n Fhia, Ag rith 's ag gárdáil is iad míshásta, ' faireadh ar TD's, Nach mór a' fál [feall?] gur tugadh aird ar fhear a' bháinín bhuí.
Lár an Mhárta th'éis bliain is ráithe is ea shocraigh siad ann síos, Bhí díol trí ráithe de bhia is d'earraí de chuile chineál ní, Bhí coinnle bána ann 's bagún Spáinneach 'gus tine bhreá romhab [romhaibh] thíos, Buicéad láidir 'gus miasa bána is iad lán de bainne buí.
Beidh cliú 'gus cáil s' beidh caint go brách ar a bhfuaireadar gan pínn, Céachtaí 's háraí 'gus barraí adhmaid is deich fichead ins a' mí, Cuinneog álainn 's í 'stigh ibhfráma, 's bhí'n chuid eile lán de tuí, 'Gus bó fíor-álainn den Shorthorn 's í tál an bhainne buí.
Bhí go leor den dream seo a raibh acab [agaibh] áitiú agus maireachtáil mhaith saoil, 'S ní raibh aon chall dhóib' bheith chomh cráite ag iarraidh dhul go Meath, Bhídis an-tsásta ag iasc 's ag báirnigh 'gus neart de chuile ní, Sléibhte álainn, common laidir is féarach bó 'gus laoi
Dá mbeadh a'msa peann is píosa páipéir scríobhfainn é seo síos Is thabharfainn cáil mhaith ar a' máistir, Seán Ó Coisdealaí, 'Sé aon fhear amháin a throid an cás seo 's ní raibh sásamh 'bith dhó faoi, Ach go bhfuil go leor den dream seo ' bhfuil acab áitiú bheadh ag maireachtáil.