The Mudcat Café TM
Thread #60012   Message #959216
Posted By: GUEST,Philippa
26-May-03 - 05:43 AM
Thread Name: Tune Req: Fuigfidh Mise an Baile Seo
Subject: RE: Tune Req: Fuigfidh Mise an Baile Seo
Fuígfidh Mise an Baile Seo is the song of a woman who has made a bad match. She married young for the want of money, but she's married a miser who won't even let her out to Mass on feast days, let alone take her to the ale-house for a drink, and doesn't romance her like a young man would. Finally, she says it's a pity that people who are dissatisfied in marriage can't go to the fair and trade partners the way they can sheep and cattle. (She apparently hasn't heard the song "In praise of John Magee").

FUÍGFIDH MISE AN BAILE SEO

Fuígfidh mise an baile seo mar tá sé dubhghránna
'S rachaidh mé go Connachta nó siar go Laighean Uí Eára
An áit a bhfaighidh mé póg ó mo stór is míle fáilte
Sealbhán deas bó is cead mo phósadh ar a' táiliúir.

A Mhuire, nach mé an trua(ighe) 's mé pósta ar a' sclábhaí
Nach ligeann amach 'un Aifrinn mé lá saoire nó Dé Domhnaigh
Nach dtigeadh go tigh a' leanna liom 's nach n-ólfadh gine óir liom
'S nach dteannfadh lena chroí mé mar dhéanfadh an buachaill óg liom.

Thíos a chois na farraige atá mé féin 'mo chónaí
A' síordhéanamh lionndubh ó mhaidin go trathnóna,
Is mé ag smaoineamh ar mo stóirín a bhíodh í gconaí ' caint liom
'S ar chuala sibh mar seoladh mé go h-óg a dhéanamh m'aimhlis?

Pósadh go hóg mé mar gheall ar na puntaí
Lán mo dhá láimh is níor shásaigh 'riamh m'intinn
Nach trua nach dtig an reacht amach mar thiocfadh ar bha 's n'ar chaoirigh
An té nach dtaitneodh an margadh leis a sheoladh ar ais 'un aonaigh.

Fuígfidh mise an baile seo mar tá sé dubhghránna
'S rachaidh mé go Connachta nó siar go Laighean Uí Eára
An áit a bhfaighidh mé póg ó mo stór is míle fáilte
Seal(a)bhán deas bó is cead mo phósadh ar a' táiliúir.