The Mudcat Café TM
Thread #61847   Message #996177
Posted By: Brían
03-Aug-03 - 09:51 PM
Thread Name: carraig aonair
Subject: Lyrics Add: carraig aonair
CARRAIG AONAIR

Ó! Luan dubh an áir tháinig suaineas ró-breá,
Do ghluaisíais uaim-se leath-uairín roim lá
Ag iasgach ar bhád i gciantaibh d'úr mbá,
D'fhonn iarsma na bliana 's 'n-úr ndiaidh go bhfaghad bás.

'Sé Domhnall mo mhaoin an té b'óige dem chloinn,
'Gus coicíos ón lá san 'sea tháini' sé i dtír,
Gan tapa, gan bhrí, gan anam 'n-a chroí,
Ach a ghéaga boga geala 's iad leata ar a' dtuinn.

'Sé Tomás mo stór, b'é rí na bhfear óg,
Bhí modhamhail maiseach múinte, géar-chumtha go leor,
'S gur sgríg sé ar a' gcóir leis an mbúcla bhí ar a bróig
Gurab í Carraig Aonair a chéile go deó.

Is tá duine eile 'em chloinn nár thráchtas air puinn,
Cormac, mo chogarach, ceann cothuithe mo thighe,
Thugadh an fia leis ón gcoill is an bradán ón linn,
Feadóga dubha an tsléi 'ge 's gan bhréig cearca fraoigh.

'Sí an Nodlaig seo chúinn an Nodlaig gan fonn
Dom cheathrar breá brolla'-gheal fé shruthaibh na dtonn.
Dá dtigidís chúm tá go doimhin ins a ' tsrúill,
Is breá dhéanfainn iad do chaoine is do shíne i n-Acadh Dúin.

'Sé mo chreach is mo dhíth mar leigeas iad ar luing
I gcomhar le Saoi Séamus mar a dtéadh na Wild Geese:
Bheadh mo shúil-se le Críost le n-a gcumann arís,
Is nárbh i Carraig ba chéile dhom chloinn.

Mo chreach is mo chás ná deachúir don Spáinn,
Nó i gcongnamh leis an bhFranncach 'déanamh aimhlis bhur námhad,
Ó chonnac an lá a ndeachúir bhur mbá,
Gan coinne len bhur gcongnamh ná tnúthh go bhfaghainn bás.

A 'nighean ó mo chroí, ná goil-se 's ná caoi,
Mar gheó tú togha nóchair dhéanfaidh romhar dhuit is crích.
Ní bhfaghad-sa mo bhuíon ná mo thriúr d'fhearaibh ghrinn,
Ná mo cheathrar breá múinte de lúbairibh groí.

A chlann ó mo chroí ,nó an trua libh mar a bhím,
Bhur n-athair bocht in' aonar a'géar-ghol's a caoi
'N-a chuaile trom chríon i gcúil uaigneach a'tighe,
Is an bhean atá i n-áit bhúr máthar ní cás le mar bhím.

Ar mo ghlúinibh nuair théim isteach chun tighe Dé,
Is féachaim ar an gcúinne a mbíodh mo thriúr ann a' léamh,
Tagann greim in mo thaobh ná leigheasfar lem ré,
Nuair chím Carraig Aonair, ó pléasgann mo chroí.
Thar n'ais dhom arís go mullach mo thighe,
'Gus is í Carraig Aonair is céile dom chloinn.

(these are from the link above. There might be another song crossed over into it.)

Brian