|
||||||||
Lyr Req: amhrán hiúdaí phadaí eamoinn
|
Share Thread
|
Subject: Lyr Req: amhrán hiúdaí phadaí eamoinn From: GUEST,fíorghael Date: 21 Oct 10 - 12:08 PM An bhfuil na focail ag duine ar bith den amhrán galánta seo a bhíonn ag Maighreád agus Tríona Ní Dhomhnaill? Anyone have the lyrics to this beautiful song? Maighreád and Tríona Ní Dhomhnaill sing it in honour of their uncle. Tá sé spéisialta ar fad. |
Subject: ADD: amhrán hiúdaí phadaí eamoinn From: GUEST Date: 21 Oct 10 - 11:25 PM Tá Leac Shéamais sa cheann tráigh go huaigneach Ó d'imigh tú uainne gan cháin Níl anois insa tsruthán ach caoineadh Ag éalú go ciúin síos an déan Tá na sméara uilig feoite ar an chaorthann Níl cuideachta féin fán lic bháin; Ó tá tocht agus smúid ar do chairde, 'S tú sínte ar an mhalaidh faoi chlár. A Hiúdaí na gcuirlin dubh dualach, Nach trua dúinn anseo in do dheoidh Nach dona mar cloíodh do chaoinchorp I gcéin uainn i gcoire Loch Awe Ó tháinig do scairt insan oíche Bhí corrán an bháis i do chomhair. Ó mo thrua nach dtáinig do tharrtháil Ach do chairde ag sileadh na ndeor Tá do bhean is do chlann do do chaoi-se Agus beidh nó go dté siad faoi chré; Do dhís bheag leanbh 'thug gean duit Nach bhfeiceann siad thú lena ré. Tá do mháthair faoi ghruaim is í cráite Ach agraimid uile Mac Dé Go bhfuil tusa go hard insna Flaithis I bParthas na naomh faoi réim. Leac Shéamais by the shoreline lies lonely Since you we held dear are now gone There's nothing in the stream now but weeping As quietly it runs down the strand. On the rowan the berries are withered There's no company around the Leac Bhán Your friends are both stricken and silent For under boards you'll lie stretched from now on O Hiudai with hair black and curling Desolation came over us all When we heard how your body was broken Far away in the glen of Loch Awe Your call it came in the night time When the sickle of death cut you down My heart's pity that help never reached you and your friends were left here to mourn. Your wife and your family lament you As they will till they go to the grave Your two small children who loved you Who never will see you again. Your mother's tormented with sorrow But to God's Son all of us pray That you are now above us in Heaven In Paradise with the saints.
Thanks. -Joe Offer- |
Share Thread: |
Subject: | Help |
From: | |
Preview Automatic Linebreaks Make a link ("blue clicky") |