|
|||||||
An e an dan seo amhran? |
Share Thread
|
Subject: An é an dán seo amhrán? From: Áine Date: 07 Feb 00 - 11:37 AM Fuair mé an dán thíos ar bord eile agus bím ag smaoineadh ab é amhrán é. -- Áine ===================
Anois teacht an Earraigh
Anois teacht an Earraigh
Fágaim le huacht é
Cill Aodáin an baile
Bíonn cruithneach is coirce,
Tá cur agus treabhadh |
Subject: RE: An é an dán seo amhrán? From: GUEST,Martin Ryan Date: 07 Feb 00 - 12:28 PM Gan dabht , castar e mar amhran go minic. Nuair bhios og, d'fhoghlaim gach jpaiste leagan de! Regards p.s. Gabhaim pardun as uch easpa na sinte fada! Nil an riomhaire seo gleasta doibh - agus mise ro-leisciuil e a dheanamh ag an am seo! |
Subject: RE: An é an dán seo amhrán? From: Áine Date: 07 Feb 00 - 12:39 PM A Mhartin, 'Bhfuil 'fhios agat cén áit a bheidh mé ábalta an fonn a fháil nó cén CD a bhfuil an t-amhrán é féin air? Le meas, Áine |
Subject: RE: An é an dán seo amhrán? From: GUEST,Martin Ryan Date: 07 Feb 00 - 12:50 PM Se an fonn coitianta "The Bould Thady Quill" a usaidtear, de gnath - cheapaim. Regards |
Subject: RE: An é an dán seo amhrán? From: Áine Date: 07 Feb 00 - 02:17 PM Go raibh míle maith agat, a Mhartin. Ach, nuair a chuartaigh m´ an fonn/amhrán ar an idirlíon, ní raibh mé ábalta ach aon dhiosc a fháil agus an t-amhrán seo air. Le meas, Áine |
Subject: RE: An é an dán seo amhrán? From: Áine Date: 07 Feb 00 - 02:22 PM Caithfidh mé an theachtaireacht thuas le hiarraidh arís: Go raibh míle maith agat, a Mhartin. Ach, nuair a chuartaigh mé an fonn/amhrán ar an idirlíon, ní raibh mé ábalta ach aon dhiosc a fháil agus an t-amhrán seo air. Le meas, Áine (sin é) |
Subject: RE: An é an dán seo amhrán? From: GUEST,Séana Date: 07 Feb 00 - 08:13 PM Is ionann dán is amhrán sa Ghaeilge. I dtaca le fonn de, tá "The Bold Thady Quill" chomh maith le fonn ar bir=th eile. I dataca le filíochr de, níl san dán seo ach imeartas amais is rithime. Níl mórán fiúntais ag baint leis ó thaobh na litríochta de. Ní chantar go minic inniun é. Séana |
Subject: RE: An é an dán seo amhrán? From: Sorcha Date: 07 Feb 00 - 09:32 PM OK, OK, I'll learn the blessed toungue yet, if this keeps up! |
Subject: RE: An é an dán seo amhrán? From: GUEST,Martin Ryan Date: 08 Feb 00 - 04:10 AM Aine There's a midi of the Bould Thady in the DT!
Regards |
Subject: RE: An é an dán seo amhrán? From: Áine Date: 08 Feb 00 - 09:49 AM A Mhartin, Go raibh míle maith agat. D'fhéach mé san DT ach bhí mé ag cuartú an fhocail 'Bould' in áit an fhocail 'Bold'. -- Áine |
Subject: RE: An é an dán seo amhrán? From: GUEST,Antaine Date: 08 Feb 00 - 05:40 PM Eh! Hem! Maidir leis an ráiteas seo: I dataca le filíochr de, níl san dán seo ach imeartas amais is rithime. Níl mórán fiúntais ag baint leis ó thaobh na litríochta de. Ní chantar go minic inniun é. Séana Ní fhéadfainn glacadh leis an tuairim nach bhfuil mórán fiúntais sa bhfilíócht seo. Ní cheart i gcónaí breithiúnas a thabhairt ar fhilíocht i gcomhthéacs na 'litríochta'. Tá ard-mheas agam ar fhilíochrt Raiftearaí. A Áine, Féach 'Abhráin agus dánta an Reachtabhraigh' le Dubhghlas de hÍde agus 'Raiftearaí' le Ciarán Ó Coigligh Na hAntainí abúúúúúúúúúúúúú!!!!!!!!!! |
Subject: RE: An é an dán seo amhrán? From: GUEST,Séana Date: 08 Feb 00 - 07:32 PM Ní cheart i gcónaí breithiúnas a thabhairt ar fhilíocht i gcomhthéacs na 'litríochta'. Tá ard-mheas agam ar fhilíochrt Raiftearaí. 1. Is cuid doscaoilte de litríocht filíocht. Taobh amuigh de chomhthéacs na litríochta, ní féidir fiúntas phíosa chumadóireachta a mheas. 2. Tá ard-mheas agam féin ar chuid de shaothar an Reachtabhraigh, ach ní hionann sin is a rá go bhfuil achan rud a chum sé ar an chaighdeán chéanna. Níl mé dall ar a laigí. Séana |
Subject: RE: An é an dán seo amhrán? From: Áine Date: 08 Feb 00 - 08:24 PM A Shéana, Caithfidh mé a rá go n-aontaímse le hAntaine ar an phointe seo. Ní thímse na dánta an Reachtabhraigh mar litríocht ach mar béaloideas. Tímse mar duine de na daoine é. Ach nach iontas é go bhfuil sibh ag cur is ag cúiteamh as Gaeilge ar an fhóram seo! Crochaigí suas é an bheirt agaibh! Le meas, Áine |
Subject: RE: An é an dán seo amhrán? From: GUEST Date: 09 Feb 00 - 03:13 PM A Shéana, a chara Ní le droch-mheas ort féin ach an oiread é, a dúirt mé an méid a dúirt. Tá laigí ar gach file ar ndóigh. Ach ní chreidimse gur 'cuid doscaoilte de litríocht filíocht.' i gcónaí. Ní aontaím le do thuairim: 'Taobh amuigh de chomhthéacs na litríochta, ní féidir fiúntas phíosa chumadóireachta a mheas.' Tá difríochtaí ann idir an fhilíocht atá cumtha mar 'litríocht' agus an 'fhilíocht bhéil'. Siúlann siad ar thalamh a chéile go minic ach is minic go mbíonn feidhm éagsúil acu. Aontaím leat nuair a deireann tú nach ionann ......'sin is a rá go bhfuil achan rud a chum sé ar an chaighdeán chéanna.' Tá an ceart agat. Tá amhráin (seachas 'dánta') níos fearr ná seo, cumtha aige. Agus níor Bhí sé féin dall ar ndóigh, mar sin chum sé agus chuimhnigh sé ar thart ar 50(?) amhrán ina chloigeann cuid acu atá an-fhada ar fad ('Seanchas na Sceiche': 101 cheathrú!! sin 404 líne!!). Ní fhéadfá a rá go raibh feidhm 'litríochta' le gach ceann acu seo. Ní shin a bhí uaidh féin i gcónaí. Tá feidhmeanna go leor ag amhráin agus ag an amhránaíocht. Le meas, Antaine |
Subject: RE: An é an dán seo amhrán? From: GUEST,Neil Comer Date: 09 Feb 00 - 05:06 PM Glacaimse le tuairimí Antaine- sílim nach gcuireann go leor againn san áireamh go raibh cuid mhór mhaith filí ag cumadh saothar as maol a gconláin gan leabhair nótaí ná 'dhath ar bith eile. Má fhóireann an friotal d'amhráin, nach cuma fá rialacha na filíochta? |
Subject: RE: An é an dán seo amhrán? From: GUEST Date: 10 Feb 00 - 02:31 PM Refresh |
Share Thread: |
Subject: | Help |
From: | |
Preview Automatic Linebreaks Make a link ("blue clicky") |