|
||||||||||||||
Lyr Add: Amhran an tSagairt
|
Share Thread
|
Subject: Lyr Add: AMHRAN AN TSAGAIRT From: GUEST,ciarili Date: 13 Oct 02 - 04:03 PM Amhrán an tSagairt from the singing of Finola O' Siochrú of the West Kerry Gaeltacht of Corca Dhuibhne. "Tá mé fíor-bhuíoch do Roinn Bhéaloideas Éireann, Coláiste Ollscoile, B.Á.C., agus Cartlann Fuaime Raidiá Éireann as an t-amhrán iontach seo. Bhí taifeadadh acu do Eilís Bn. Uí Chearnaigh ón mBlascaod (1969) á rá. Fuaireas roinnt dos na focail ón leagan a bhí i gCnuasach na Scol, a tógadh ó Mháire Bn. Uí Ailígheasa, Na Tuairíní, Uíbh Ráthach i 1935. A most irreverent song, possibly from the Blasket Islands, about a young priest who falls in love with a local woman. He jauntily solves his dilemma by abandoning both family and church and joining the Protestant church 'far from the control of those priests'". Ó is tráthnóinín aoibhinn ar faoidheachtaint na gréinne, 'Sea do chonnacsa mo dhian-ghrá is í ag amhrán na h-aonar. Ó do shuíosa cois tortáin agus d'éisteas léi tréimhse Is gur bhinne liom bheith á pógadh ná ag ól fíon na Gréige. Ar maidin Dé-Domhnaigh agus deabhadh orm go dtí an tAifreann Cuirimse orm mo léinne is an éide bhreá bheannaithe. Nuair a chím chugam mo riúnach luíom súil uirthi i ngan fhios dóibh Mar ní ar Mhuire a bhím ag cuimhneamh ach ar Bhríde, is í a chealg mé Nuair a thagann an oíche agus luíom chuig mo phaidire Mo leabhartha a bhíonn im thimpeall is mo Bhíobla im aice. Ní bhainim aon bhrí as, ná in aon chor aon tairbhe Mar ní ar Mhuire a bhím ag cuimhneamh, ach ar Bhrídeach na mallan ghlas. 'S a shagairt na n-aedh istigh, cuirim féinig suas feasta dhíot Ó do ghabhaise i dtúis do shaoil chugat ó mar chéile Muire Bheannaithe. Thugais leabhar éithigh ná déanfá go deo athrach Agus cucól ní dhéanfad ar Éirinn do bhean in aithne. A Bhrídín dheas spéiriúil, ná déan sí sin ormsa, Mar go n-imeoim ón saol seo, ní baoil duit Muire Bheannaithe. In am lena chéile ó léar smacht na sagart súd Agus ragham go dtí an Teampall, mar a labhrann na Protistínigh. Agus éirigh i d'shuí a Bhrídeach agus cóiríg an leaba dhúinn Agus fágaise rí-shlí bheag ó go luíodsa i'd aice-se. Mar gur thréigeasa mo cháirdibh o dtaobh máthar is athar dhom Ó do thug suas i léinn mé ó go léifinn leabhar Laidine. A. Martin Freeman noted these verses from Conchubhar Ó Cochláin (Conny Coughlan) of Doire na Sagart, in 1913 or 1914: Tráthnóinín saoire 's mé ar bhuíochtaint na gréine 'Sea do chonnac-sa mo ghrian-ghrá 's í ag amhrán 'na h-aonar. Do shuíos ar thaobh cnocáin, agus d'éisteas léi tréimhse, 'S ba mhísle liúm bheith á pógadh ná ag ól fíona na Gréige. 'S nuair a théim-se sa choláiste, san áit go ndeintear sagart dinn, Fiarfaíod siad díom a' raibh aon sweetheart ag baile 'gam. Dúrt-sa, 's ba bhréag dom, riamh i n-aon chor ná feacas í, Agus rún-shearc mo chléibh-se tar mh'éis ag an baile 'gam. Ar maidin Dia Domhnaig, agus fonn orm chun Aifrinn, Cuirim orm a' léine agus an éide bhreá bheannaithe; Nuair a chím chugham a' chúilionn, luím súil uirthi i ganfhios dóibh, 'S ní h-ar Muire bím a' cuimhneamh, ach ar bhrídeach na mala-rosc. 'S isé mo léan gan mé sínte leat síos go dtí amáireach, I mballín beag uaigneach 's gan a thuairisc agad mháithrín! Do shínfinn-se síos le dian díogras grá dhuit, Agus mara mbeath an éide ní thréigfinn go brách thu. A shagairt na n-árann, druím lámha bheirim feasta leat, Agus gur thomhais-se mar chéile 'dtúis do shaol chughat Muire Bheannaithe! Do dhearbhaís 's do mhóidís ná déanfá-sa a h-atharrach, Agus cocól ní dhéanfainn ar a' saol de mhnaoi a h-ainme. This version noted by Donncha Ó Cróinín, from the singing of his wife, Eibhlís Ní Iarfhlaithe, Bean Uí Chróinín (Bess Cronin): Tráthnóinín saoire 's mé ar buidheachtaint na gréine 'Sea do dhearcas-sa mo dhian-ghrá 's í ag amhrán 'na haonar. Do shuíos ar taobh cnocáin agus d'éisteas léi tréimhse Is ba mhísle liom bheith á pógadh ná ag ól fíon na Gréige. Is ar maidin Dé Domhnaig agus deabha orm chun Aifrinn 'Sea do chonnac chúm a' chúilfhionn is do luíos súil uirthi i gan fhios dóibh. Nuair a chuirim orm an léine agus an éide bhreá bheannaithe, Is gur bhinne liom bheith á pógadh ná ag ól fíon na Gréige. An té chífeadh mo riún-sa maidean dhrúchta a' gabháil a' bhóthair Do bhí flounce lena gúna agus búclaí 'na bróga. Is mó ógánach múinte thabharfadh súil ar mo stór-sa, Is ná faigheadh éinne acu súd í gan cúig mhíle i bpóca. Nuair a chuas go dtí'n coláiste mar a ndeintear na sagairt seo D'fhiafraíodar díom-sa a' raibh sweetheart ag baile agam. Do labhraíos-sa, is ba bhréag dom é, 'Riamh in aon chor níor bhacas iad,' Is gurbh í brídeach na gclaonrosc a bhí t'réis mo chroí a chealg dom. A shagairt na n-árann, druím lámha do-bheirim feasta leat, Ó thoghais-se mar chéile i dtúis do shaoil chughat Muire Bheannaithe; Do dhearbhuís is do mhóidís ná beadh agat a h-atharrach, Agus cócól ní dhéanfainn ar a' saol de mhnaoi a h-ainme. |
Subject: RE: Lyr Add: AMHRAN AN TSAGAIRT From: GUEST Date: 13 Oct 02 - 04:32 PM So a randy priest becomes a shagairt! |
Subject: RE: Lyr Add: AMHRAN AN TSAGAIRT From: GUEST,ciarili @ work Date: 14 Oct 02 - 05:10 PM It's Shagadelic, Baby! O, behave! ciarili |
Subject: RE: Lyr Add: AMHRAN AN TSAGAIRT From: GUEST,An Púca Date: 14 Jan 04 - 06:32 PM Correction: The relationship of Donncha Ó Cróinín to Bess Cronin was son-mother rather than husband-wife as given in the first post of this thread. |
Share Thread: |
Subject: | Help |
From: | |
Preview Automatic Linebreaks Make a link ("blue clicky") |