To Thread - Forum Home

The Mudcat Café TM
https://mudcat.org/thread.cfm?threadid=172393
1 messages

Lyr Add: Thios i dTeach an Torraimh (Irish)

17 May 23 - 09:00 PM (#4172469)
Subject: Lyr Add: Thios i dTeach an Torraimh (Irish)
From: Felipa

Thíos i dTeach an Torraimh

Thíos i dteach a’ tórraimh fuair mé eolas ar mo chailín donn,
Bhí a grua mar na rósaí is bhí a béilín mar an siúcra donn,
Bhí mil ar bharr na ngéag/gcraobh ann, agus céir bheach ag bhun na gcrann,
Bhí éisc na Finne ag léimnigh le pléisiúr mar bhí sí ann.

Ó bhí mé lá go ceolmhar, ar mo sheol agus mé i gceann an tí,
Ag síor ghabháil don cheol is ag cur na mbréag in iúl do ghrá/mhian mo chroí,
Ní chreidfeadh sí mo ghlórthaí, mar shíl sí gur dá mealladh a bhínn,
Ach tá mé óg go leor i gcónaí, is ní phósfaidh mé ach aon bhean ach í.

Is binn agus is ceolmhar a labhras gach éan i dtom,
Is deas gach uile shórt ann, 'gus is ródheas mo chailín donn.
Is aici fuair mise eolas ar mhórán 's ar thuilleadh grinn,
Nach deas an rud sú na heorna a bheith á hól agus í ag teannadh liom.

Ó bhí mé lá go ceolmhar, i ngleanntáin is mé ag seoladh bó,
Tharla orm an ógmhnaoi, is í cóirithe in san éideadh cóir,
Bhí hata os cionn a clóca agus búclaí ina bróga thíos,
Ó ba chosúil le mo stóirín í, réalt eolais a bhí gabháil romham sa tslí.

Ar m’éirí domhsa Dé Céadaoin, dar liomsa go raibh an mhaidin fuar,
Bhreathnaigh mé uaim a stóirín ar an léana agus í i bhfad uaim,
Dhruid mé le mo chéile, mar i ndúil agus go rachainnse chun suain,
Ó a Dhia, nár dheas an féirín í an ógmhnaoi a d’imigh uaim.

Mallachtaí na hAoine, ar an té údaí a bhain díom mo stór,
Nach ligfeadh ina gaobhair mé lá saoire nó go moch Dé Luain,
Dá mbeadh sé a cur agus ag déanamh díle, is ag síorchur den sneachta ó thuaidh,
'S a Dhia, dá bhfaighinn-se síneadh léi, bheinn chomh haoibhinn leis an eala ar cuan.

Bhí mé lá breá Samhraidh is mé ag labhdairneacht go mór le mnaoi
Fá bhruach na coille cluanaí is gan rún agamsa pilleadh choích’
Más den chinniúint cluanaí do lua liom 's gan d’fháil mar mhnaoi
Seo beannacht na Rí go buan duit 's bí ar cuairt agam gach áit a mbím.

translation by Risteard Mac Gabhann of verses 1-3, as published in Claisceadal cois Baile, Colmcille Press,2022 :

It was down by the wake house that I got to know my brown-haired girl
Her cheek was like roses and her little mouth sweet as brown sugar
There was honey high on the branches and beeswax at the base of the trees
And the fish of the River Finn were jumping with pleasure because she was there.

I was one day at the loom singing and looking after the house
Singing all the while and sweet-talking my heart's love
She'd not believe what I say for she thought I was trying to charm her
But I'm still young enough and I'll not marry anyone but her.

Every bird sings sweetly and tunefully (when secure) in a bush
Everything is lovely, and even more lovely is my brown-haired girl.
From her I learned about many things and found more joy,
How pleasant to be drinking the juice of the barley as she snuggles up to me.

--------
Only those three verses are included in the book; the additional verses come to a sadder conclusion as the woman runs off with another man -- though the singer seems to still have hopes of winning her back.

There are other versions of this song and you can find some other verses on line, for example at the Celtic Lyrics Corner site. The lyrics given here are from Claisceadal cois Baile and from the singing of Clár Nic Ruairi https://seannos.tg4.ie/baile/amhranaithe/clar-nic-ruairi/thios-i-dteach-an-torraimh-sean-nos-na-mban-2016/