To Thread - Forum Home

The Mudcat Café TM
https://mudcat.org/thread.cfm?threadid=17905
16 messages

An e an dan seo amhran?

07 Feb 00 - 11:37 AM (#174509)
Subject: An é an dán seo amhrán?
From: Áine

Fuair mé an dán thíos ar bord eile agus bím ag smaoineadh ab é amhrán é.

-- Áine

===================

Anois teacht an Earraigh
le Antaine Ó Reachtabhra (1784-1835)

Anois teacht an Earraigh
beidh an lá dúl chun shíneadh,
Is tar eis na féil Bríde
ardóigh mé mo sheol.
Go Coillte Mach rachad
ní stopfaidh me choíche
Go seasfaidh mé síos
i lár Chondae Mhaigh Eo.

Fágaim le huacht é
go n-éiríonn mo chroí-se
Mar a éiréonn an ghaoth
nó mar a scaipeann an ceo
Nuair a smaoiním ar Cheara
nó ar Ghaileang taobh thíos de
Ar Sceathach an Mhíle
nó ar phlánaí Mhaigh Eo

Cill Aodáin an baile
a bhfásann gach ní ann,
Tá sméara is subh craobh ann
is meas de gach sórt,
Is dá mbéinnse i mo sheasamh
i gceartlár mo dhaoine
D'imeodh an aois díom
is bheinn arís óg.

Bíonn cruithneach is coirce,
fás eorna is lín ann,
Seagal i gcaobh ann,
arán plúir agus feoil,
Lucht déanta poitín
gan licence á dhíol ann,
Móruaisle na tíre ann
ag imirt is ag ól.

Tá cur agus treabhadh
is leasú gan aoileach
Is iomaí sin ní ann
nár labhair me go fóill,
Aitheanna is muilte
ag obair gan scíth ann,
Deamhan caint ar phingin cíosa
na dada da shórt.


07 Feb 00 - 12:28 PM (#174534)
Subject: RE: An é an dán seo amhrán?
From: GUEST,Martin Ryan

Gan dabht , castar e mar amhran go minic. Nuair bhios og, d'fhoghlaim gach jpaiste leagan de!

Regards

p.s. Gabhaim pardun as uch easpa na sinte fada! Nil an riomhaire seo gleasta doibh - agus mise ro-leisciuil e a dheanamh ag an am seo!


07 Feb 00 - 12:39 PM (#174546)
Subject: RE: An é an dán seo amhrán?
From: Áine

A Mhartin,

'Bhfuil 'fhios agat cén áit a bheidh mé ábalta an fonn a fháil nó cén CD a bhfuil an t-amhrán é féin air?

Le meas, Áine


07 Feb 00 - 12:50 PM (#174553)
Subject: RE: An é an dán seo amhrán?
From: GUEST,Martin Ryan

Se an fonn coitianta "The Bould Thady Quill" a usaidtear, de gnath - cheapaim.

Regards


07 Feb 00 - 02:17 PM (#174588)
Subject: RE: An é an dán seo amhrán?
From: Áine

Go raibh míle maith agat, a Mhartin. Ach, nuair a chuartaigh m´ an fonn/amhrán ar an idirlíon, ní raibh mé ábalta ach aon dhiosc a fháil agus an t-amhrán seo air.

Le meas, Áine


07 Feb 00 - 02:22 PM (#174590)
Subject: RE: An é an dán seo amhrán?
From: Áine

Caithfidh mé an theachtaireacht thuas le hiarraidh arís:

Go raibh míle maith agat, a Mhartin. Ach, nuair a chuartaigh mé an fonn/amhrán ar an idirlíon, ní raibh mé ábalta ach aon dhiosc a fháil agus an t-amhrán seo air.

Le meas, Áine (sin é)


07 Feb 00 - 08:13 PM (#174764)
Subject: RE: An é an dán seo amhrán?
From: GUEST,Séana

Is ionann dán is amhrán sa Ghaeilge. I dtaca le fonn de, tá "The Bold Thady Quill" chomh maith le fonn ar bir=th eile. I dataca le filíochr de, níl san dán seo ach imeartas amais is rithime. Níl mórán fiúntais ag baint leis ó thaobh na litríochta de. Ní chantar go minic inniun é. Séana


07 Feb 00 - 09:32 PM (#174808)
Subject: RE: An é an dán seo amhrán?
From: Sorcha

OK, OK, I'll learn the blessed toungue yet, if this keeps up!


08 Feb 00 - 04:10 AM (#174904)
Subject: RE: An é an dán seo amhrán?
From: GUEST,Martin Ryan

Aine

There's a midi of the Bould Thady in the DT!

Regards


08 Feb 00 - 09:49 AM (#174972)
Subject: RE: An é an dán seo amhrán?
From: Áine

A Mhartin,

Go raibh míle maith agat. D'fhéach mé san DT ach bhí mé ag cuartú an fhocail 'Bould' in áit an fhocail 'Bold'.

-- Áine


08 Feb 00 - 05:40 PM (#175223)
Subject: RE: An é an dán seo amhrán?
From: GUEST,Antaine

Eh! Hem!
Maidir leis an ráiteas seo:
I dataca le filíochr de, níl san dán seo ach imeartas amais is rithime. Níl mórán fiúntais ag baint leis ó thaobh na litríochta de. Ní chantar go minic inniun é. Séana
Ní fhéadfainn glacadh leis an tuairim nach bhfuil mórán fiúntais sa bhfilíócht seo.
Ní cheart i gcónaí breithiúnas a thabhairt ar fhilíocht i gcomhthéacs na 'litríochta'.
Tá ard-mheas agam ar fhilíochrt Raiftearaí.

A Áine,
Féach 'Abhráin agus dánta an Reachtabhraigh' le Dubhghlas de hÍde
agus
'Raiftearaí' le Ciarán Ó Coigligh

Na hAntainí abúúúúúúúúúúúúú!!!!!!!!!!


08 Feb 00 - 07:32 PM (#175270)
Subject: RE: An é an dán seo amhrán?
From: GUEST,Séana

Ní cheart i gcónaí breithiúnas a thabhairt ar fhilíocht i gcomhthéacs na 'litríochta'. Tá ard-mheas agam ar fhilíochrt Raiftearaí.

1. Is cuid doscaoilte de litríocht filíocht. Taobh amuigh de chomhthéacs na litríochta, ní féidir fiúntas phíosa chumadóireachta a mheas.

2. Tá ard-mheas agam féin ar chuid de shaothar an Reachtabhraigh, ach ní hionann sin is a rá go bhfuil achan rud a chum sé ar an chaighdeán chéanna. Níl mé dall ar a laigí. Séana


08 Feb 00 - 08:24 PM (#175291)
Subject: RE: An é an dán seo amhrán?
From: Áine

A Shéana,

Caithfidh mé a rá go n-aontaímse le hAntaine ar an phointe seo. Ní thímse na dánta an Reachtabhraigh mar litríocht ach mar béaloideas. Tímse mar duine de na daoine é.

Ach nach iontas é go bhfuil sibh ag cur is ag cúiteamh as Gaeilge ar an fhóram seo! Crochaigí suas é an bheirt agaibh!

Le meas, Áine


09 Feb 00 - 03:13 PM (#175710)
Subject: RE: An é an dán seo amhrán?
From: GUEST

A Shéana, a chara
Ní le droch-mheas ort féin ach an oiread é, a dúirt mé an méid a dúirt.
Tá laigí ar gach file ar ndóigh.
Ach ní chreidimse gur 'cuid doscaoilte de litríocht filíocht.' i gcónaí.
Ní aontaím le do thuairim:
'Taobh amuigh de chomhthéacs na litríochta, ní féidir fiúntas phíosa chumadóireachta a mheas.'
Tá difríochtaí ann idir an fhilíocht atá cumtha mar 'litríocht' agus an 'fhilíocht bhéil'.
Siúlann siad ar thalamh a chéile go minic ach is minic go mbíonn feidhm éagsúil acu.
Aontaím leat nuair a deireann tú nach ionann ......'sin is a rá go bhfuil achan rud a chum sé ar an chaighdeán chéanna.'
Tá an ceart agat.
Tá amhráin (seachas 'dánta') níos fearr ná seo, cumtha aige.
Agus níor SCRÍOBH sé aon cheann acu síos.
Bhí sé féin dall ar ndóigh, mar sin chum sé agus chuimhnigh sé ar thart ar 50(?) amhrán ina chloigeann cuid acu atá an-fhada ar fad ('Seanchas na Sceiche': 101 cheathrú!! sin 404 líne!!).
Ní fhéadfá a rá go raibh feidhm 'litríochta' le gach ceann acu seo.
Ní shin a bhí uaidh féin i gcónaí.
Tá feidhmeanna go leor ag amhráin agus ag an amhránaíocht.
Le meas,
Antaine


09 Feb 00 - 05:06 PM (#175771)
Subject: RE: An é an dán seo amhrán?
From: GUEST,Neil Comer

Glacaimse le tuairimí Antaine- sílim nach gcuireann go leor againn san áireamh go raibh cuid mhór mhaith filí ag cumadh saothar as maol a gconláin gan leabhair nótaí ná 'dhath ar bith eile. Má fhóireann an friotal d'amhráin, nach cuma fá rialacha na filíochta?


10 Feb 00 - 02:31 PM (#176269)
Subject: RE: An é an dán seo amhrán?
From: GUEST

Refresh