To Thread - Forum Home

The Mudcat Café TM
https://mudcat.org/thread.cfm?threadid=18884
7 messages

Amhran Pheter Baille

04 Mar 00 - 08:03 PM (#189552)
Subject: Amhran Pheter Baille
From: GUEST,herring0tom@yahoo.com

Hello fellow songster! I would love to find the written words for this... or better yet, a singable translation (english for me). so far, I got help,... and gathered that the title means "Song for Peter Bailey" Mary Black sings it with "General Humbert" sooooo well, that I've GOT to learn it!

Thomas


05 Mar 00 - 04:41 PM (#189976)
Subject: Amhrán Pheter Mhicil Báille
From: GUEST,Philippa

I can't think offhand how it goes, but I can tell you from the Cló Iar-Chonnachta catalogue that the song is also on a John Beag Ó Flatharta recording, an Lochán CIC 084


06 Mar 00 - 11:23 AM (#190386)
Subject: RE: Amhran Pheter Baille
From: Thomas the Rhymer

Thanks Philippa, I need all the help I can get,... nice link. I still need the words though, desperately?


29 Sep 00 - 03:26 PM (#308378)
Subject: RE: Amhran Pheter Baille
From: GUEST

didn't somebody ask about this song recently in another thread?


29 Sep 00 - 03:35 PM (#308388)
Subject: RE: Amhran Pheter Baille
From: GUEST,Philippa

It was you, Thomas the Rhymer, who sought thisamhrán elsewhere (without any further success)


29 Sep 00 - 08:15 PM (#308593)
Subject: RE: Amhran Pheter Baille
From: Thomas the Rhymer

Well, does anyone out there in mudcat land know of the lyrics to this Amhran? I am still looking for it....


12 Feb 10 - 05:33 PM (#2837546)
Subject: RE: Amhran Pheter Baille
From: GUEST

Sarah Ghriallais - Amhrán Pheter (MHICIL) Báille -Siar an Bóthar - 13-4-07




Mo chúig chéad slán le mo bháidín atá go fánach i Rosamhíl.
Nár dheas í ag gabháil go hÁrainn lá breá nó gaoithe aniar!
Ní bheadh deifir leis an am agam 's an ghrian ag teannadh siar,
Bheadh airgead chuile lá agam, thabharfainn iasc go Rosamhíl.

's tá mo theachaín i lár an ghabháltais is bóithrín go tóin an tí.
Shíl mé go mbainfinn sólás as ach ní mar sin féin a bhí,
Mar bhuail an bás go hóg mé is bhain sé mo bhean phósta díom,
's d'fhág sin ar bheagán sóláis mé go deo nó go dté mé i gcill.




Ó shil mo shúile deora le brón is le briseadh croí,
' lá ar dhún mé clár na cónra ar Mhary Rua is í ag gabháil i gcill;
Bhí a gruaig ar dhath an óir bhuí is í 'na duala thar a básta síos;
Sí d'fhág mo chroísa buartha go deo is ar feadh mo shaoil.

's nach iomaí sin contúirt mhór ó ariamh i m'óige a ndeachas tríd.
Chuaigh mé i gcontúirt mo bháite i gContae an Chláir is in Inis Oírr;
Thug Dia agus Muire slán mé as gach gábh dá ndeachas tríd;
Níor theastaigh mé ón mbás is fuair mé spás nó go dtéinn in aois.

Tá mise i bhfad as Éirinn 's mé in imní oíche agus ló,
Go dtiocfadh an bás do m'éileamh is nach mbéinn réitithe faoina chóir.
Chosnódh mo bháidín céad orm mé thabhairt go hÉirinn is go Leitir Móir;
's dá mairfinn go haimsir féile bheadh an céad agam gan stró.

Is in aimsir Chrann na Páise a tharla an buaireamh seo i dtús an tsaoil;
Nuair a thiomáin Iúdaigh táirní trí lámha is chosa Chríost;
D'fhulaing Muire máthair na seacht ndólás le briseadh croí,
Is fuair an Mhaighdean na seacht sólás in aghaidh gach dólás dár fhulaing sí.

Is muide an ceathrú líne a shíolraigh ó Adhamh anuas.
Is gearr go mbeidh ár dtéarma déanta is dáta an dá mhíle thuas;
Tiocfaidh athrú ar an saol is beidh na cnoic is airde ag ísliú leo;
Is dea-bhreith go dtuga an Tiarna do gach créatúr marbh is beo.