|
29 Apr 01 - 08:31 PM (#451806) Subject: Lyr Add: MÁIRE MHÓR From: Big Mick MÁIRE MHÓR Tá bean a'msa in Áran Mhór agus bean eile in Inis Bearachain, Mo ghrása Máire Mhór, 's í an bhean a b'fhearr a thaitin liom Curfá: Is óró, Mháire Mhór, is a Mháire Mhór, an dtiocfaidh tú? Mura dtiocfaidh tú mar gheall tú go mbáitear insan tuile thú! Ní le faochain ná le bairnigh, ná le bláth na scailliún dearga A mheall mise Máire Mhór, ach le fuisce láidir Shasana. Curfa Dá bhfeicfeá Máire Mhór is í ag dul sráideanna na Gaillimhe Gan folach ar a bráid ach cóta mór an charraera. Curfa Dá mbeinnse in Áran Mhór is mo bhád seoil bheith faoi rúf agam Nach deas a thornálfainn ród ach Máire Mhór a bheith faoi deic agam. Curfa: |