This lyric is probably not what you want, but apart from a harp tune it is all I can find. MÉ FÉIN IS TÚ FÉIN Ar thrioblóidí an tsaoil, déanfaimid dearmad ar feadh tamaill, Mé féin’s tú féin. Aoibhneas is áthas na smaointe a bheas againn, Mé féin’s tú féin. Curfá: Ó leatsa is liomsa tá aoibhneas ag fanacht, Mé féin’s tú féin Aoibhneas is áthas na smaointe a bheas againn, Mé féin’s tú féin. Tá an lá breá ag teacht is tabharfaidh sé chun taitnimh, Mé féin’s tú féin. Beidh nádúr an tsaoil faoi bhláth romhainn ag fanacht, Mé féin’s tú féin. Ceol an smóilín dúinne sna gleannta, Mé féin’s tú féin Beidh na bláthanna is cumhra ansin inár dteannta Mé féin’s tú féin. Siúlfaimid go ciúin síos cois an chladaigh, Mé féin’s tú féin. Ar dhul faoi na gréine beimid ag faire, Mé féin’s tú féin. Ó leatsa is liomsa tá aoibhneas ag fanacht, Mé féin’s tú féin Ach dúinne mo bhrón, is é an t-aoibhneas nach maireann. Mé féin’s tú féin.
|