Is an bhfaca tú m'óig-fhear-sa gabhailt amach Ar maidin le h-éiri an lae? Is an bhfaca tú m'óig-fhear-sa gabhailt amach Ar maidin le fáinne an lae? A dhá ghéag chanta dar ndóigh ba dheas, Is a leaca ar dhath na gcaor, Is go deimhin a bhean ba dheas a ghean Ar maidin le fáinne an lae? Raghad-sa chun coille agus fanfad ann seal Go dtiocfaidh chugham grá mo chléibh. Raghad-sa chun coille agus fanfad ann seal Go dtiocfaidh chugham bláth mo shaoil. Mo rún, mo reacht, mo bhuachaill deas, Mo chuaille ar feadh mo shaoil, Is go deimhin a bhean beidh a theacht thar n-ais Ar maidin mar dhrúcht ón speir. Chím-se mo mhaoin-sa chugham ag teacht Ar maidin mar dhrucht ón speir. Chím-se mo mhaoin-sa chugham ag teacht Ar maidin mar theidhil ó ngréin. Mo rún, mo reacht, mo rí-fhear ceart, Mo dhíon-sa ar feadh mo ré Is go deimhin a bhean is liom-sa an teacht Ar maidin mar theidhil ó ngréin.
|