I'll try to post the Irish words to Maidin i mBéarra here, and see if the fadas show up. With my method, they do on every other site.... Maidin i mBéarra Osborn ó hAmheirgin (1872-1950) (copied from a book, sorry I didn't get the title) Is é mo chaoi gan mise maidin aerach Amuigh i mBéarra im' sheasamh ar an trá, Is guth na n-éan 'om' tharraing thar na sléibhte cois na farraige Go Céeim an Aitinn mar a mbíonn mo ghrá. Is obann aoibhinn aitseasach do léimfinn, Do righfinn saor ó ana-broid an tláis, Do thabharfainn droim le scamallaibh an tsaoil seo, Dá bhfaighinn mo léirdhóthain d'amharc ar mo chaoimhshearc bhán. Is é mo dhíth bheith ceangailte go faonlag, Is neart mo chléibh á thachtadh anseo sa tsráid, An fhaid tá réim na habhann agus gaoth ghlan na farraige Ag glaoch is ag gairmar an gcroí so im' lar. Is milis bríobhar leathanbhog an t-aer ann, Is gile ón ngréin go fairsing ar an mbán Is ochón, a rí-bhean bhanúil na gcraobhfholt, Gan sinn-ne araon i measc an aitinn mar do bhímis tráth! And for the record, I am looking for a translation. Dale D.
|